Rinne muid stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus sa deireadh reáchtáil muid cúrsa traenála le cruthú gurbh fhéidir earnáil teilifíse a bhunú in aicearracht.
Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
Tá leithscéal ag Balor a bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana agus é ina phágánach chruthanta agus ina Fhomhórach dílis, ach cén leithscéal atá ag an oiread sin de mhuintir na hÉireann nach bhfuil sásta an focal Nollaig féin a úsáid níos mó? Tá nósanna cainte Mheiriceá ag teacht isteach in Éirinn ar cosa in airde.