Cheapfá ón méid a bhí le rá aige gur fadhb dhoréitithe a bhí ann agus nach mbeadh ar chumas aon rialtais a leithéid a dhéanamh, cuma cé na hacmhainní a chaithfí léi.
“Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.