Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuirfeadh aiseag ar asal who would disgust a donkey
" ” Cé atá faoi ionsaí ag Balor an Bromaire an mhí seo? Cé eile ach an bheirt phuipéad sin a chuirfeadh aiseag ar asal: Codger agus Dodger.
ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal trying to make a race horse out of a donkey
" Is cur amú ama é bheith ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal.
sodar “asal na dtrí gcos” the trotting of the three-legged donkey
" ” Tuigeann haiceannaí an phreas, mé féin san áireamh, ar ndóigh, muna dtapaíonn iriseoirí stábla an Ridire Uí Raghallaigh gach deis chun caitheamh anuas ar na *Provos*, sodar “asal na dtrí gcos” atá in ann dóibh i dtreo an P45.
le hasal mar bheithíoch iompair with a donkey as a carrying animal
" Is beag duine a théann thar an áit seo gan grianghraf a thógáil de na dealbha déthoiseacha d’oilithrigh ‘ag gabháil thar bráid’ ar muin capaill nó de shiúl na gcos, cuid acu le hasal mar bheithíoch iompair acu.
mún asail donkey urin
" Cuireann sé iad i gcomparáid le mún asail, cé gur cúis iontais é do go leor daoine go mbeadh fios a bhlasta sin ag Laoch na Litríochta.
i ngiorracht scread asail within a donkey's roar
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
leis na cianta cairbreacha for donkeys' years
" Níl fiú an leathchéad síniú ó oileán na naomh is na n-ollamh in ainneoin an leasa a baineadh as an inimirce le breis is deich mbliana, gan trácht ar an iliomad Éireannach a d’fhág a dtír dhúchais leis na cianta cairbreacha.
le cuimhne na ndaoine for donkeys’ years
" Níl ann ach rud beag de scoilt, ach ar a laghad tá an doras a bhí druidte go teann le cuimhne na ndaoine anois ar oscailt.
abhus leis na cianta cairbreacha here for donkey’s years
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach seisear ban i measc na 43 duine san aireacht, an céatadán is ísle in aon aireacht abhus leis na cianta cairbreacha.
leis na cianta cairbreacha for donkey’s years
" Chuimhnigh sé ar mhuintir Mhaigh Eo a raibh aithne aige orthu leis na cianta cairbreacha.