"Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
"An bhfuil a dhath ar bith ag bogadh istigh ansin i ndiamhracht agus i ndoilbhe agus i marbhchiúnas Fhoraois na Gaeilge?" a fhiafraíonn Balor an Bhéil Bhinn.