Cad iad na teangacha eile atá agat? An raibh siad ina gcuidiú agat agus tú ag foghlaim na Gaeilge?
Tá an Fhionlainnis ó dhúchas agam, d'fhoghlaim mé Béarla, Sualainnis agus Gearmáinis ar scoil, agus i m'fhear fásta domh, tharraing mé orm an Pholainnis, an Íoslainnis, roinnt drochRúisise - tá sé beagnach
dodhéanta Polainnis mhaith agus Rúisis mhaith a bheith agat ag an am chéanna, nó tá an dá theanga chomh cosúil le chéile is gur dual daofa cur isteach ar a chéile - agus an Ghaeilge.