Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cáipéis document
" B'éigean dúinn fanacht leis ar feadh dhá uair an chloig taobh amuigh de stáisiún na bpóilíní mar nach raibh oiread agus cáipéis amháin á hiompar aige, fiú sa charr.
gcáipéis document
" Bhí gach sliocht a thagair don Aire Cosanta Jim Gibbons marcáilte ar an gcáipéis sin.
leabharlann de cháipéisí inmheánacha a library of internal documents
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
doiciméad cinniúnach fateful document
" Is doiciméad cinniúnach é an daonáireamh.
cháipéis document
" Ar thriail tú riamh gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, nó leagan Gaeilge a fháil de cháipéis thábhachtach ar nós Chomhaontú Aoine an Chéasta, nó Conradh Nice? Is minic na foinsí seo ann ach nach eol dúinn iad a bheith ar fáil.
caipéis document
" Tá an péire acu le feiceáil ar na milliúin caipéis rialtais, ar thuarascálacha agus ar phasanna.
cáipéisí documents
" Léiríonn cáipéisí cúirte gur choimeád sé físeán dar teideal "The Art of Erotic Massage" ina leabhragán.
cáipéisí documents
" "Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
cáipéisí documents
" Cáineadh ======= Rinne an breitheamh cáineadh géar ar an gcomhlacht dlí Clayton Utz a bhí bainteach le polasaí BAT maidir le cáipéisí a choinneáil nó a scrios.
cháipéis document
" Tá tuairisc chruinn ar fáil againn anois sa cháipéis atá curtha le chéile ag Coimisiún na Gaeltachta ar staid na Gaeltachta, a pobail agus a córais oideachais.
seancháipéis old document
" Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911.
cáipéis document
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
níl an cháipéis sin ar fáil ar líne that document is not available online
" Tá comhairle curtha ar fáil ag an Irish Internet Association d'fhostóirí ar conas bainistiú a dhéanamh ar úsáid an idirlín, ach ait go leor, níl an cháipéis sin ar fáil ar líne.
i gcáipéisí éagsúla in various documents
" Tá siad ag iniúchadh 79 ríomhaire, 1,000 diosca ríomhaire agus 19,000 leathanach i gcáipéisí éagsúla.
mhála cáipéisí documents bag
" "Bhuail sé lena mhála cáipéisí mé," arsa Linda, agus í a gáire.
cháipéis document
" Ach cá bhfuil sé anois? "Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!" a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé.
cáipéisí documents
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
cáipéisí a dhréachtú draft documents in Irish
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
cháipéis document
" Míníonn an cháipéis go dteastódh 18 go 29 cathlán leis an teorainn a dhúnadh i gceart.
cháipéisí documents
" Faoin bhforáil seo, beidh cead ag an bpobal teacht ar mheamraim rialtais agus ar cháipéisí eile a cuireadh faoi bhráid cruinnithe den chomhair-eacht, cúig bliana i ndiaidh na gcruinnithe sin.
cáipéisí oifigiúla official documents
" Deirtear i gcáipéisí oifigiúla gur socraíodh deireadh a chur leis an chuid is mó den eagraíocht seo ar an 31 Márta 1945.
cáipéisí comhaimseartha contemporary documents
" Is cosúil nach raibh mórán daoine ina gcónaí ar an oileán ag an am sin mar, de réir cáipéisí comhaimseartha, seachtó bean agus páiste a maraíodh.
cáipéisí fianaise documents of evidence
" Stad m'abhcóide mé go rialta chun aird na mbreithiúna a tharraingt ar na cáipéisí fianaise agus chuir siadsan ceist orm anois is arís.
cáipéisí documents
" De réir cáipéisí oifgiúla de chuid MI5, níor íoc siad ach £10,000 leis ach creidtear an fhíorshuim a bheith i bhfad níos mó ná sin.
sa gcáipéis a réitigh an chomhairle in the document prepared by the council
" Moltar táillí eile ann chomh maith, mar shampla, táille €3,600 ar áiteanna páirceála do charranna, cé nach dtugtar mórán eolais faoi sin sa gcáipéis a réitigh an chomhairle.
cáipéisí documents
" Bíonn orainn a lán cáipéisí / ábhar ranga a aistriú ón mBéarla de bharr nach bhfuil siad ar fáil i nGaeilge (m.
cháipéis document
" Go bhfios dom is é seo an chéad uair ar cuireadh a leithéid de cháipéis isteach le haon iarratas pleanála in Éirinn.
ag aistriú raidhse mhór cáipéisí translating a large volume of documents
" Ach ar an taobh eile de, ba leasc liom daoine a chur ag aistriú raidhse mhór cáipéisí go Gaeilge nach mbeadh éileamh orthu fiú ag Gaeilgeoirí féin.
cáipéisí documents
" Tá deacracht bheag amháin leis sin - cailleadh nó scriosadh cuid mhaith de na cáipéisí thar na blianta.
cáipéisí documents
" Tá lear mór cáipéisí scríofa ag eagraíochtaí mar an Coimisiún Comhionannais, ach ní dhéanann siad difríocht ar bith.
dhréachtdoiciméad draft document
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
cáipéisí documents
" Chaith mé roinnt mhaith ama ag fanacht in oifigí Stáit chun cáipéisí cearta a fháil chomh maith.
cáipéisí oifigiúla stáit official state documents
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
cáipéisí na bhfeidhmeannach the officials' documents
" Bíonn a chuid obair bhaile déanta i gcónaí aige agus cáipéisí na bhfeidhmeannach léite go cúramach aige.
cáipéisí documents
" Tá go leor comhlachtaí ag scaipeadh cáipéisí i bhfoirm PDF nó *Portable Document Format *("Formáid Doiciméad Iniompartha" sa Ghaeilge) toisc go bhféachann siad go díreach mar ba chóir i gcónaí agus toisc nach féidir le daoine iad a athrú go héasca.
ag aistriú cáipéisí translating documents
" Tá a fhios agam go gcosnódh sé airgead, ach b’fhearr an t-airgead a chaitheamh ar an gcaoi sin ná é a chur amú ag aistriú cáipéisí nach léifidh duine ar bith, go Gaeilge.
cáipéisí tábhachtacha important documents
" ” Feiceann sé cur amú ama atá san Acht Teanga freisin, go háirithe an mhír a fhágann go bhfuil ar eagraíochtaí Stáit cáipéisí tábhachtacha a aistriú go Gaeilge.
cáipéisí úra new documents
" Mar sin féin, le blianta beaga anuas tá cáipéisí úra tar éis a theacht chun solais a chaitheann fíoramhras ar an teoiric sheanbhunaithe gur shábháil an Naomh Ó Loingsigh agus a chomharba, an Máilleach, an stát ó dhream fanaiticeach poblachtánach, Ó hEochaidh ina measc, a bhí i mbun tréasa.
cáipéis dhleathúil legal document
" Is cáipéis dhleathúil í an scéim, ina bhfuil cur síos ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht a chur ar fáil trí Ghaeilge.
cáipéisí documents
" Léiríonn cáipéisí a tugadh dom faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mar shampla, gur thug dhá eagraíocht sláinte sa tír foláireamh láidir don Aire gan leapacha breise a chur i mbardaí ospidéil.
cáipéisí documents
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
cáipéisí documents
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
cáipéis chomhaimseartha contemporary document
" Tá fístéip mhaith ann freisin, a bhaineann úsáid as cáipéis chomhaimseartha, an Chroinic Angla-Shacsanach, leis an scéal a insint faoin scáth agus an scéin a chuir “mic tíre Odin” ar an mhainistir i Lindisfarne.
cáipéisí dlíthiúla legal documents
" Earraí beaga éadroma ======= Agus cad é an “lasta” seo? Sliseanna sileacain, b’fhéidir, nó cáipéisí dlíthiúla.
cáipéisí documents
" An amhlaidh go bhfuiltear ag maíomh go dtarlaíonn a leithéid go rialta agus go mbíonn feidhmeannaigh de chuid na Roinne ag sceitheadh eolas rúnda ina gcuid comhad chuig iriseoirí gan oiread is nóta a bhreacadh faoi? Is ar éigean é! Droim láimhe don ghnáthphróiseas ======= Is léir go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire McDowell, chan amháin faoin iarratas áirithe seo ach faoin dóigh a thug sé droim láimhe don phróiseas atá leagtha amach ag an Stát fá choinne cáipéisí rialtais a scaipeadh.
cáipéis chomhaimseartha contemporary document
" Tá fístéip mhaith ann freisin, a bhaineann úsáid as cáipéis chomhaimseartha, an Chroinic Angla-Shacsanach, leis an scéal a insint faoin scáth agus an scéin a chuir “mic tíre Odin” ar an mhainistir i Lindisfarne.
cáipéis oifigiúil official document
" “You’ve got to sign this,” a mhínigh sé dom agus bhrúigh sé cáipéis oifigiúil trasna an chuntair chugam.
cáipéis chomhaimseartha contemporary document
" Tá fístéip mhaith ann freisin, a bhaineann úsáid as cáipéis chomhaimseartha, an Chroinic Angla-Shacsanach, leis an scéal a insint faoin scáth agus an scéin a chuir “mic tíre Odin” ar an mhainistir i Lindisfarne.
cáipéisí oifigiúla official documents
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
ar mholl mór cáipéisí on a big pile of documents
" Moll mór cáipéisí ======= Tháinig an dá ghrúpa ar mholl mór cáipéisí a chruthaigh go raibh eolas cruinn ag údaráis na Breataine fá choiriúlacht – dúnmharú san áireamh – a raibh reisimint dá arm páirteach inti.
roinnt cáipéisí eile some other documents
doiciméid de gach saghas all types of documents
" Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo nó an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht?Cé go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil sé tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú.
nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan when a document has to be widely distributed
" Tá comhaid PDF ar fheabhas agus an-úsáideach nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan agus nuair atá sé tábhachtach go mbeadh an chuma chéanna ar an gcáipéis sin ar ríomhairí éagsúla.
doiciméadú documenting
" Tá Krauss ag déanamh staidéir ar Eyak ó bhí na seascaidí ann agus tá doiciméadú déanta aige ní hamháin ar an teanga sin ach ar go leor de na naoi dteanga dhéag eile atá á labhairt go fóill in Alasca.
ar an gcáipéis on the document
" An teideal atá ar an gcáipéis ná *Fair Play? Sport and Social Disadvantage in Ireland* agus is duine darb ainm Peter Lunn an t-údar.
cáipéisí inchoiritheacha incriminating documents
" D’inis sí do na póilíní go raibh cáipéisí inchoiritheacha aige ina theach.
den cháipéis chríochnaithe of the finished document
" Agus é déanta agat, is féidir leagan PDF den cháipéis chríochnaithe a íoslódáil.
cáipéisí oifigiúla officail documents
" Sin é an tátal atá le baint as cáipéisí oifigiúla de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá i mo sheilbhse.
i gceithre cháipéis éagsúla in four various documents
" Tá tagairtí don fhíric seo i gceithre cháipéis éagsúla de chuid na roinne a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Is cosúil ó na cáipéisí seo, it seems from these documents
" ”* Is cosúil ó na cáipéisí seo, ní hamháin go bhfuiltear in amhras maidir le stádas dlíthiúil an churaclaim, ach go raibh an roinn agus an tAire Hanafin ar an eolas faoin éiginnteacht a bhaineann leis.
Cáipéis théagartha beefy document
" Athruithe SuntasachaCáipéis théagartha is ea Conradh Liospóin, a dhéanfaidh athruithe suntasacha ar chumhachtaí agus ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE.
ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí for or against this really important document
" Óir is comhartha den easpa daonlathais atá san Aontas Eorpaigh nach mbeidh deis ag pobal na mballstát eile vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí seo.
cáipéisí inmheánacha internal documents
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
dála na gcáipéisí the same as the documents
" Bhí neart séalaí oifigiúla orthu, dála na gcáipéisí ó Shop Direct Group Limited i Manchain.
doiciméid oifigiúla offical documents
" 7 milliún in iomlán a d’íoc an CIA le deoraithe Tibéadacha faoi rún, mar a léirigh doiciméid oifigiúla a scaoileadh sa bhliain 1998.
an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn the most important state document that we have
" Ní vótáil theibí ar chonradh teibí a síníodh i Liospóin atá ann ach bunathruithe atá á moladh ar an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn chun ár gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a chosaint.
oiread is cáipéis as much as a document
" Ainneoin na cainte uilig, níl oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
a chur ar phár to document
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
nach raibh oiread is cáipéis there wasn't as much as a document
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
cáipéis document
" Bhí cáipéis eile drochaistrithe, dar léi.
cáipéis document
" Sa tslí chéanna, go stairiúil, is é 7 Aibreán 1969 breithlá an idirlín nuair a foilsíodh an chéad “*Request for Comments*”, cáipéis a scríobh Steve Crocker ag lorg moltaí i leith protocáil agus córais idirlín ón slua.
cáipéisí líonmhara numerous documents
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
cháipéis ríthábhachtach highly important document
" Dealraíonn sé anois, áfach, gur dócha gur faoi thús an tsamhraidh a fheicfidh muid an cháipéis ríthábhachtach seo.
cháipéis document
" Is mise nó tusa an gnáthdhuine sin, an duine dleathach, an duine a bhfuil an cháipéis aige a thugann cearta agus seasamh dó.
cáipéis document
" Ach is finscéal é go gcaithfear gach aon tuarascáil is cáipéis a eisíonn eagraíocht stáit a fhoilsiú i nGaeilge.
cáipéis document
" Má dhéanann tú botún, níl ort ach é a cheartú mar a cheartófá cáipéis leictreonach ar bith eile.
gcáipéisí documents
" Dúradar nach raibh aon ní spéisiúil i measc na gcáipéisí!!! (http://en.
cáipéisí documents
" Is féidir cáipéisí is pictiúir a tharraingt ó do ríomhaire féin; is féidir eagarthóireacht a dhéanamh ar na cáipéisí céanna; agus is féidir daoine breise a tharraingt isteach más gá.
dhoiciméid documents
" ‘Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu.
dréachtdoiciméad draft documents
" Go deimhin, tá níos mó sa dréachtdoiciméad faoi na meáin agus faoin teicneolaíocht ná mar atá faoi ghéarchéim na Gaeltachta.
cháipéis document
" Sa cháipéis sin ó Roinn Uí Chuív, moladh Údarás na Gaeilge a chur in áit Údarás na Gaeltachta agus go bhféadfadh Údarás na Gaeilge na feidhmeanna atá ag Údarás na Gaeltachta a choinneáil, nó, ‘transfer its enterprise functions to Enterprise Ireland’.
cáipéisí documents
" Ar ndóigh, ní aithnítear na Rohingya mar chine náisiúnta sa Bhunreacht agus tá easpa cáipéisí a shásódh an dara coinníoll.
gcáipéisí documents
" Is cinnte nach n-iarrfaidh póilíní a gcáipéisí aitheantais ar fhir mheancógacha mheánaosta fhionngheala.
cháipéis document
" Maíonn an Rialtas ins an cháipéis seo go gcuirfear le stádas na teanga agus go spreagfar daoine lena foghlaim agus lena húsáid.
cháipéis document
" Mar chúnamh chuige seo tá na cásanna cúirte éagsúla i gCeanada, an cháipéis a chur an Dr.
cáipéisí documents
" Is léir ó na cáipéisí, mar shampla, go raibh Coiste na Logainmneacha toilteanach comhairle a chur ar an rialtas maidir le córas códuimhríochta a bhunú le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le seachadadh litreacha a bhí á seoladh as Sasana le seoltaí i nGaeilge.
cáipéisí a aistriú to translate documents
" Ach níl sé fíor! Agus fiú má bhí, tá sé thart!” Spealadh na Neascóide ========= Ach ní raibh Balor sásta ligean leis gan cheist a chur air faoi Nessacóid Childers, Feisire Eorpach de chuid Pháirtí an Locht Oraibhse, a mhaígh i bParlaimint na hEorpa gur meilt airgid a bhí ann cáipéisí a aistriú go Gaeilge.
tagairtí sna cáipéisí seo references in these documents
" Rinneadh tagairtí sna cáipéisí seo do na teangacha a chuala a n-údair agus iad i dteagmháil leis an muintir dhúchais agus bhreac cuid acu síos focail agus leaganacha áirithe.
cáipéis document
" Thagadh sé isteach sa seomra léachta agus ualach mór cáipéisí is leabhra faoina ascail aige.
gcáipéisí a scaoil documents released
" Tá léargas maith le fáil i gcáipéisí a scaoil Roinn na Gaeltachta amach faoin riail 30 bliain ar bhlianta tosaigh Údarás na Gaeltachta, ar na feidhmeanna a samhlaíodh a bheadh aige agus na deacrachtaí a bhí ag go leor dá gcliantchomhlachtaí i mblianta tosaigh na heagraíochta.
caipéis a document
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
gcáipéis document
" Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.
cáipéis a document
" Chuir ceannaire na droinge seo, Newt Gingrich, cáipéis amach ag tathant ar bhaill den Pháirtí Poblachtánach cur síos ar na Daonlathaigh mar "fealltóirí", "fímínigh", "coirpigh", agus a leithéid.
cáipéis bhunaidh basic document
" Leasú an Bhunreachta =========== Is iontach an scéal é, ach níl aon tagairt do mhuintir dhúchais na hAstráile sa bhunreacht, cáipéis bhunaidh na tíre.
an cháipéis document
" Níl cead aige anois rud ar bith a fhoilsiú gan an cháipéis a bheith curtha faoi bhráid cinsire roimh ré.
cáipéis a document
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
Cáipéis shóisialta a social document
" Cáipéis shóisialta seachas saothar ardlitríochta a bhí ann agus ní féidir a shéanadh gur chrá croí ab ea é do fhormhór na ndaltaí a bhí á staidéar.
cáipéisí a scaoileadh documents released
" Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin.
faoin gcáipéis deiridh from the latest document
" Nuair nach raibh aon aiseolas diúltach tagtha isteach faoin gcáipéis deiridh, foilsíodh í ar shuíomh Gréasáin acmhainn.
fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais he recieved the tender documents back
" Ach nuair a fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais ó lucht coimisiúnú na gclár: is i mBéarla a bhí gach rud! D’fhéadfainn samplaí eile a thabhairt ach ceapaim gur leor na trí chinn thuas le mo phointe a dhéanamh.