Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éagsúlacht diversity
" "Is láidreacht í an éagsúlacht, ní laige," a dúirt sé.
ní mór an aontacht a bhunú ar an éagsúlacht the union must be based on diversity
" Go dtí go gcruthaítear an t-aon aontas amháin ní mór an aontacht a bhunú ar an éagsúlacht.
héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch cultural and linguistic diversity
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
ilghnéitheacht chiníoch racial diversity
" Bhí ilghnéitheacht chiníoch i gceist sa chomharsanacht ag an am sin, agus bhí daoine dubha chomh maith le Giúdaigh ansin.
éagsúlacht chultúrtha cultural diversity
" Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d'aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha.
ilghnéitheacht diversity
" Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil ilghnéitheacht ó thaobh inimirce de ar cheann de na tréithe is suntasaí a bhaineann le Nua-Eabhrac, is beag aird a thabharfaí ar athrú mar seo sa chuid is mó de na comharsanachtaí.
ilghnéitheacht diversity
" De réir a chéile, áfach, fágadh an focal "eacnamaíocht" ar lár sa teideal mar aithníodh, chun go mbeadh fad saoil agus rath i ndán don chomhphobal nua seo, go gcaithfeadh níos mó ná forbairt gheilleagrach bheith i gceist - gur ghá díriú ar ilghnéitheacht thraidisiúin chultúrtha na mór-roinne chomh maith.
an ilghnéitheacht diversity
" Is éard a mheallann turasóirí ná an ilghnéitheacht, ní an t-aonchineálachas leamh.
ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha on the loss of linguistic, intellectual and cultural diversity
" Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
má chaillimid ár n-ilghnéitheacht chultúrtha. if we lose our cultural diversity.
" “Tá go leor ceachtanna le foghlaim againn ó na caomhantóirí, na comhshaolaithe, agus d’fhéadfaimis fiú bheith ag obair as lámh a chéile agus cur ar a súile do dhaoine céard a tharlóidh má chaillimid ár n-ilghnéitheacht chultúrtha.
ilghnéitheacht diversity
" Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
ilghnéitheacht smaointeoireachta a diversity of thought
" “Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt.
níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, there is no shortage of youth, experience, diversity or conspicuousness,
" Agus Barack Obama, Hillary Clinton, agus John Edwards mar na hiarrthóirí atá chun tosaigh faoi láthair, níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, agus síltear go fairsing gur duine den triúr seo a bheas mar chéad uachtarán eile Mheiriceá.
éagsúlacht na bplandaí diversity of plants
" ” Dathanna spleodrachaBíonn NWC ar oscailt idir 1 Márta agus 30 Meán Fómhair, agus is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar an ionad mar gheall ar líon na ndathanna agus ar éagsúlacht na bplandaí a bhíonn le feiceáil ansin.
éagsúlachta diversity
" Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tuiscint na rannpháirtithe a fhorbairt ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannais, éagsúlachta agus seirbhíse ardcháilíochta do chustaiméirí.
a n-ilchineálacht their diversity
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
Más luachmhar linn an éagsúlacht if we value diversity
" Más luachmhar linn an éagsúlacht agus an ceart daonna chun tír dhúchais a fhágáil, ní chuirimid i gcoinne na himirce.