Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ilghnéitheacha diverse
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
fadhbanna ilgnéitheacha diverse problems
" Tá ceithre nó cúig ghréasán curtha le chéile sa mhórcheantar atá ag iarraidh fadhbanna ilgnéitheacha an cheantair a réiteach.
eolas ilghnéitheach diverse information
" Tá sé i gceist ag Tolle dul i ngleic leis an fhadhb seo trí eolas ilghnéitheach a thabhairt san ionad.
théarmaí ilghnéitheacha diverse terms
" Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, (www.
is gníomhaí agus is ilghnéithí most active and most diverse
" Ach, cé go gcuirfeadh sé iontas ar dhaoine, le deich mbliana anuas tá machaireacha fairsinge Indiana tar éis baile a chur ar fáil do cheann de na pobail is gníomhaí agus is ilghnéithí i Meiriceá.
ilghnéitheach diverse
" Is fuinneog iad ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge, a bhfuil idir ghreann, eolas, dhoimhneacht agus spreagadh iontu.
níos ilghnéithí more diverse
" Tá "pobal" na Gaeilge níos ilghnéithí ná mar bhí riamh, mar sin.
dream ilghnéitheach a diverse group
" Caithfear a chuimhneamh gur dream ilghnéitheach iad pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil suim acu i meascán mór ábhar, cosúil le haon phobal eile.
chomh héagsúil leis an gCóiré, as diverse as Korea,
" Cé nach n-imrítear an spórt i mórán tíortha eile ar domhan, craoltar an cluiche in áiteanna chomh héagsúil leis an gCóiré, an Astráil, an Danmhairg, agus an Rúis.
ana-ilghnéitheach very diverse
" Agus muid ag trácht ar stair an leabhair, tá muid ag trácht ar stair atá ana-ilghnéitheach - baineann sé leis an uile rud.
gur sochaí éagsúil í sochaí na hÉireann Ireland is a diverse society
" Is í tuairim na mná rialta seo ná go léiríonn seo nach bhfuil glactha againn go fóill leis gur sochaí éagsúil í sochaí na hÉireann anois agus gur gné bhuan di an éagsúlacht sin.
ceol ilghnéitheach diverse music
" Cruthaíonn an ceol ilghnéitheach foclóir sainiúil.
ilghnéitheach diverse
" Cuirfidh sé le teacht an phobail ar na seirbhísí seo san aon ionad, ilghnéitheach amháin.
Tírdhreach álainn, éagsúil a beautiful diverse landscape
" Tírdhreach álainn, éagsúil, dúlra atá slán anois ó láimh an duine faoi choimirce na Geopháirce.
laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach within a diverse philosophical discourse
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile which includes thinkers as diverse
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
casta ilghnéitheacha intricate and diverse
" Cé go mbaineann an leabhar le scéalta casta ilghnéitheacha Uí Chadhain, cuireann de Paor níos mó suim sna léitheoirí ná sa scríbhneoir féin ar uairibh.