Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suaite disturbed
" Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.
suaite disturbed
" Beo Ar Éigean' amháin a fuair sé, cinn saor in aisce a fhágann Leamh Ó Cuinneagáin ar foluain san aer suaite ina dhiaidh gach áit a dtéann sé, gach aon cheann acu ar aon dearadh: portráid Bhaloir féin ar chlé agus léarscáil an domhain ar dheis, mar is cuí.
an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne this disturbed brain activity
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
fhianaise shuaitheach disturbing evidence
" Tá daoine áirithe tar éis gníomhú go tapa ó foilsíodh an fhianaise shuaitheach seo – mar shampla, dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe gur cheart cosc iomlán a chur ar ghutháin phóca i scoileanna tar éis fholáireamh an Ollaimh Stewart.
suaitheadh síceolaíoch emotionally disturbed
" ’ Dream a bhfuil suaitheadh síceolaíoch orthu, beagnach.
shuaite disturbed
" Caoithiúlacht an tseanráitis Thiocfadh leis an Aire tinfeadh agus spreagadh a fháil, áfach, ó cháipéis a scríobh a athair mór, Éamon de Valera, faoi thábhacht chur chun cinn na Gaeilge le linn tréimhse a bhí i bhfad Éireann níba shuaite ná na dúshláin atá le sárú san am i láthair.
míshocair disturbed
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil áfach, tá gnóthaí polaitíochta na Pacastáine ag éirí míshocair le tamall anuas agus ní fios cén treo a rachaidh an Phacastáin amach anseo.
míshocraithe disturbed
" org/wiki/Anne_of_Green_Gables) Arís, mar gheall ar mo chuid oibre, bhí mé ar shúil liom ag gallivantáil nó ar mo sheachrán, an uair seo i Charlottetown, nó Pleasantville mar a thug mo chuid comhghleacaithe air – rud a mhíneoidh mé amach anseo – agus nuair a tharraing mé isteach go dtí an chathair bheag bhídeach seo ag meán oíche, shíl mé go raibh rud éigin míshocraithe agus Twin Peaksúil fá dtaobh de .
corraitheach moving, disturbing
" Bhí ceannródaíocht ag baint leis na meáin a roghnaigh Bourgeois lena saothar a chruthú agus d’úsáid sí cloch, adhmad, miotal agus éadach le píosaí a dhéanamh a bhí idir corraitheach, anghrách, céadfaíoch agus drochthuarach.
corraitheach disturbing
" **Scannán Lánfhada Éireannach** **Stiúrthóir: Robert Quinn** **Léiritheoir: ROSG** Is scannán samhlaíoch, corraitheach é Na Cloigne, scannán atá bunaithe ar bhunscript Dharach Uí Scolaí.
as riocht disturbed
" Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan dídean sa Phacastáin.
suaite disturbed
" Deiseanna ===== Faoi láthair tá geilleagair na tíre suaite ach tá buntosca an gheilleagair chéanna i gceart.
bhí ag gabháil idir iad agus codladh na hoíche was disturbing their sleep
" Bhí litir á cur thart i measc na gcomharsan chun gearán oifigiúil a dhéanamh faoin torann ar fad, torann a bhí ag gabháil idir iad agus codladh na hoíche.
suaite disturbed
" Gan amhras ar bith, tá muintir na Fionlainne suaite ag na hathruithe a bhaineann leis an domhandú agus measann siad go bhfuil siad á gcur dá dtreo.
suaite go maith very disturbed
" Má tá cúrsaí geilleagracha agus sóisialta suaite go maith ag an ghéarchéim i gcathracha na tíre, tá siad go dona ar fad faoin tuaith.
imeachtaí suaite na ré seo disturbed event of this period
" Is cinnte go bhfuil i gceist ag príomhstiúrthóirí an taispeántais, Christian Viveros-Fauné agus Jota Castro, go spreagfadh an taispeántas machnamh agus go n-éileodh sé comparáid idir an tréimhse chorraithe dhorcha sin agus imeachtaí suaite na ré seo.
faoi spéir shuaite under a disturbed sky
" Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi.
an duine lárnach trína chéile the central character to be disturbed
" Is pictiúr é atá lán d’imní agus d’éadóchas agus a thaispéanann an duine lárnach trína chéile agus é ag dul as a mheabhair.
chomh suaite sin so disturbed about
" Tá an pobal chomh suaite sin faoin cheist go mbeadh an baol ann go ndiúltófaí do na leasuithe ar fad eile a mholfadh an Chomhdháil ar an Bhunreacht mar thoradh ar an cheist achrannach seo.
an oiread sin isteach air (disturbed) him so much
" Tháinig an scríbneoir Charles Dickens ar na freascónna seo agus é ar cuairt sa Róimh i 1846 agus chuir na híomhánna foréigin seo an oiread sin isteach air gur scríobh sé: “A leithéid de bhrúidiúlacht agus d’uafás, ba dhoiligh le héinne a shamhailt ina chuid brionglóidí, fiú dá mbeadh muc iomlán ite aige dá shuipéar agus í amh.
is cinnte gur suaitheadh an Eaglais the church was definitely disturbed
" Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bhenedict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo, ach ba mhall agus ba dhoicheallach an freagra a thug an Vatacáin orthu agus is ar éigean a thuill siad muinín na ndaoine ina dtaobh.
cur isteach ort to disturb you
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
gcuireann sé olc ar it disturbs
" ’ Sin ráite, measann Linda go bhfuil an Ghaeilge á polaitiú agus go gcuireann sé olc ar Phrotastúnaigh "Tiocfaidh ár lá" a chluinstin.
agus cuma an-bhuartha air he looking very disturbed
" Casadh duine de na maoir orm ansin agus cuma an-bhuartha air.
an déagóir suaite a mharaigh the disturbed teenager who killed
" In Le Fils, is de thaisme a bhuaileann fear, ar múinteoir adhmadóireachta é, leis an déagóir suaite a mharaigh a aonmhac.
míshásta faoi agus curtha amach unhappy and disturbed
" Ag Snámh in Aghaidh na Meán ============= In Éirinn tá daoine míshásta faoi agus curtha amach go bhfuil a leithéid de chomórtas againn anseo anois.
mbainfeadh torthaí na dturgnamh seo suaitheadh asat the results of these experiments would disturb you
" Agus is minic go mbainfeadh torthaí na dturgnamh seo suaitheadh asat.
den iompar is mó a chuireann as the behavior which mostly disturbs
" Luaitear a leithéid mar shamplaí den iompar is mó a chuireann as don bpobal ar líne ach ní bhíonn an géarcháineadh agus an fuath le sonrú sna cleachtais sin.
a ghoill go mór ar which greatly disturbed
" D’éirigh leis na stáit na rialacha sin a mhaolú tar éis 1976, agus más ea, méadaíodh líon na ndaoine a cuireadh chun báis, rud a ghoill go mór ar Stevens.
tsaoirse gan só disturbed freedom (book name)
" Tá sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann.