Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choscrach harrowing, distressing
" Tugtar an Pháis ar an tréimhse choscrach seo, ón fhocal Gréigise a chiallaíonn fulaingt.
ag goilleadh go mór uirthi distressing her greatly
" Nuair a labhair mé le Maighread Ní Dhomhnaill, deirfiúr Mhícheáil, faoin cheolchoirm ag deireadh na míosa seo caite, ba léir go raibh a bhás ag goilleadh go mór uirthi go fóill, in ainneoin beagnach bliain a bheith imithe ó cailleadh é.
tá neamhchinnteacht ghoilliúnach there’s a distressing uncertainty
" Agus cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo.
ceartúcháin ollmhóra choscracha massive distressing corrections
" Bhí an geilleagar chomh fada as a riocht ag tús na géarchéime agus go raibh ar an rialtas dheireanach ceartúcháin ollmhóra choscracha a chur i bhfeidhm in achar an-ghearr.
fógra anróiteach fíoréifeachtach a very effective and distressing advertisement
" Theip air de dheasca easpa iontaoibh náisiúnta ach go háirithe tar éis don Phríomh-Aire caomhach Stephen Harper fógra anróiteach fíoréifeachtach a chur ar an dteilefís: *“Michael Ignatieff: Just Visiting”*.