Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sú na heorna spirits distilled from barley
" "Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: sú na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc.
bpróiseas driogaireachta distilling process
" Rinne siad staidéar, mar sin, agus d'aithin faoi dheireadh gurbh fhéidir leo a n-eorna a bhracadh le teas fuílligh ón bpróiseas driogaireachta féin, dá mbainfidís úsáid as comhdhlúthadáin mhóra.
faoin bpróiseas stiléireachta about the distilling process
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
uisce driogtha distilled water
" Ach an ceart marcanna atá fágtha ag an aois agus ag an stair a ghlanadh ó chraiceann deilbhe muna bhfuil siad ag deánamh aon dochar? Sa deireadh ba í Cinzia Parnigoni a thóg an chailís nimhe chuici féin agus a thosaigh an t-athchóiriú conspóideach, ag úsáid uisce driogtha chomh maith le mud pack ina raibh laíon ceallalósach agus cré.