Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tarcisniú disparaging
" " "Agus é ag caitheamh anuas ar lucht an IRA bíonn sé ag tarcisniú sceimhlitheoirí bochta a chaith oíche i ndiaidh oíche amuigh faoin doineann, iad sioctha ag an sioc agus leathbháite ag an fhearthainn fhuar, i bhfad óna dteaghlaigh agus óna dteallaigh, ag pleanáil robáil an bhainc le go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir; í ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith; agus na meirligh a bheith ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith.
magadh spídiúil disparaging mockery
" Lean magadh spídiúil an Blaghdach, ní go béal na huaighe amháin, ach thairis isteach sa tsíoraíocht.
spídiúla disparaging
" *" Ar ndóigh ba cheart neamhaird iomlán a dhéanamh d’ionsaithe spídiúla den chineál sin atá bunaithe ar aineolas agus fuath.
díspeagadh disparaging
" Arís, cheap mé go mba aisteach an chaint í ó imreoir cáiliúil dá leithéid – an freasúra á mholadh agus a fhoireann féin á díspeagadh aige.
díspeagadh disparaging
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
ag caitheamh anuas disparaging
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
gan a bheith ag caitheamh anuas ar not to be disparaging
" Mhol sé dúinn gan a bheith ag caitheamh anuas ar an mhuintir aerach, ach grá Dé a thaispeáint do gach duine.
ag déanamh beag is fiú de disparaging
" Ansin, thosaigh sé ag déanamh beag is fiú de na stailceoirí ocrais.
nár chaith anuas ar a luaíocht didn’t disparage its worth
" Níorbh ann do ghlúin ar bith le ceithre chéad bliain anuas nár cháin daoine fiúntas na Gaeilge agus nár chaith anuas ar a luaíocht.
ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg disparage Irish in every way
" Ní hiad lucht an díspeagtha an fhadhb i ndáiríre, Meyers, Mc Sharry nó eile, ach is iad muintir na Gaeilge féin nach amháin atá á cheadú, ach d’fhéadfaí a mhaíomh gur á mealladh atá siad chun a bheith ag maslú agus ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg agus faoi lucht a labhartha.
ag caitheamh anuas ar disparaging towards
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.