Cé go mbainfidh fuirseadh agus tranglam leis an mbogadh tí, is é an dúshlán is mó a bhainfidh leis do Neasa ná go mbeidh saol an teaghlaigh le caitheamh i dteach leathphoiblí, teach de dhéanamh na hochtú haoise déag.
Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten?
A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, tá an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste.
Tá sé deacair na laethanta seo dearcadh cothrom a chur chun cinn i Meiriceá maidir le bia, go háirithe agus líon ollmhór daoine i bhfad ró-ramhar nó neamhoird itheacháin ag cur as dóibh.
Chomh maith le ceisteanna teanga, déantar staidéar san institiúid ar neamhoird intinne, titimeas ina measc, ar neamhoird chodlata, sceachaillí inchinne agus galair Alzheimer agus Parkinson.
Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
Níor pháipéar riamh é a bhí trom ar Shinn Féin – b’ionann líne an pháirtí agus líne an *Andytown News* go minic agus sin an fáth ar chuir sé iontas ar dhaoine gur cuireadh an locht go neamhbhalbh ar an pháirtí agus ar Adams go speisialta go bhfuil ainriail ann go forleathan ar Bhóthar na bhFál.
Nuair a phill siad ar Pháras i 1913, an uair seo Nijinsky agus Stravinsky péireáilte ag Diaghilev, bhí corraíl agus anord níos measa an iarraidh seo nuair a léirigh siad “Le Sacre du Printemps” i Théâtre des Champs-Elysées.
Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
Más féidir a rá go raibh an iomarca maorlathais agus cáipéisíochta i roinnt mhaith comhlachtaí roimhe seo, bíonn easpa pleanála agus anord i gceist go minic sa lá atá inniu ann.