Táthar ann a mhaíonn gurb iontach an rud é go bhfuil an cluiche nochta mar sin os ár gcomhair, agus de réir na hargóinte seo, treisíonn an fhollasacht nua an córas daonlathach a bhfuilimid in ainm is a bheith inár gcónaí.
De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne.