Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tubaiste disaster
" Cé gur féidir leis na hóstáin sna cathracha móra ísliú i láimhdeachas a sheasamh, is deacair don teach beag lóistín faoin tuath teacht slán as tubaiste mar seo.
tubaiste disaster, calamity
" Is ábhar iontais é an ciníochas seo atá le mothú go forleathan, go speisialta nuair a smaoiníonn tú chomh cineálta agus chomh fial is a bhíonn muintir na hÉireann nuair a tharlaíonn tubaiste mhór, gorta nó crith talún, cuir i gcás, in áiteanna mar Goma nó an tSúdáin.
tubaiste disaster
" Is tubaiste do mhuintir Bhali an sléacht seo.
tubaiste disaster
" Tharla tubaiste Hillsborough i 1989, a bhliain a d'fhág Aldridge Anfield.
tubaiste disaster
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
thubaistí disasters
" Bíonn sé ag canadh faoi rudaí dáiríre agus faoi thubaistí a bhain dó, ach fós féin éiríonn leis a bheith dearfach agus ceol a chur ar fáil a thógann an croí.
tubaiste calamity, disaster
" Chuaigh Blair agus Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d'fhéadfadh tarlú.
Tubaiste disaster
" Tubaiste a bhí ann do chuid de na bailte sin.
tubaiste disaster
" Agus tá sé contúirteach nuair nach bhfuil ach sórt amháin á fhás, mar bíonn tubaiste ann má theipeann air.
bun gach tubaiste the author of every disaster
" "Is é an luas beagnach bun gach tubaiste ar na bóithre.
tubaiste disaster
" Deir siadsan gur tubaiste atá ann don tionscail iompair bóthair i dtuaisceart na tíre agus go mbeidh ar a laghad leath na dtiománaithe ligthe chun bealaigh go gairid.
tubaiste disaster
" Pobal réasúnta rathúil a bhí sa pharóiste, agus ní raibh leid ar bith acu faoin tubaiste a bhí i ndán dóibh i gceann cúig bliana déag.
olltubaiste dhomhanda major global disaster
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
tubaiste disaster
" " Cuir an staid seo agus an "tuile atá ag síorfhás" de ghnéasteachtaireachtaí na meán le chéile, arsa Benson, agus tá tubaiste agat.
tubaistí disasters
" Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin.
tubaistí disasters
" Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.
tubaiste mhillteanach a terrible disaster
" "Agus mé i mo shuí sa chruinniú, bhí a fhios agam go raibh tubaiste mhillteanach ann ó bhonnáin na n-otharcharranna agus na n-inneall dóiteáin a chloisteáil, agus mhothaigh mé masmas," arsa Angie.
tubaiste traenach train disaster
" Bhí tubaiste traenach i Southall i Meán Fómhair 1997, Paddington 1999, Hatfield 2000, Selby 2001 agus Potters Bar in 2002 agus fuair a lán daoine bás iontu.
tubaiste disaster
" Seachas tagairt do bhagairt an rialtais faoi rátaí úis, níl aon mhíniú tugtha acu ar an tubaiste.
tubaiste disaster
" Toisc gur comhlacht phríobháideach é Eircom anois, b'fhéidir go bhfuil siad níos buartha faoi dhíbhinní a íoc lena scairshealbhóirí (tar éis na tubaiste a tharla nuair a cuireadh an comhlacht ar an margadh den chéad uair) ná infheistíocht a dhéanamh in infrastrúchtúr.
thubaistí mara sea disasters
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
tubaiste disaster
" Deirim íoróin mar gurbh é príomhchuspóir an chuimhneacháin uafás an uileloiscthe a chur i gcuimhne na ndaoine, leis an dóchas nach ligfimid i ndearmad go deo scála na tubaiste sin ná an marc dorcha a d'fhág sé ar anam an chine dhaonna.
tubaiste disaster
" " Maidir lena teaghlach féin, dúirt sí: "Gortaíodh mo nia i dtubaiste Chernobyl.
de bharr thubaiste Munich because of the Munich disaster
" Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
tubaiste disaster
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
tubaiste disaster
" Ach cuimhnigh nach ndeartar píblíne riamh ar an tuiscint go dtarlóidh tubaiste dó.
tubaiste disaster
" Anois, ina leabhar, deir sí gur mhúin muintir Guinan di, tar éis tubaiste 11 Meán Fómhair, cad iad na rudaí sa saol seo a bhfuil tábhacht ag baint leo i ndáiríre.
tubaistí disasters
" Féach na tubaistí go léir atá timpeall an domhain mar gheall ar ola, talamh agus airgead! A Mhuire, a mháthair, seinn port, abair amhrán, sil deoir, tabhair póg, réitigh do chás led' chomharsain más féidir.
thubaiste disaster
" Ba thubaiste duine amháin acu i ré na teilifíse ach d’éirigh go seoigh leis an duine eile lena linn.
tubaiste náisiúnta national disaster
" Ba ghearr le tubaiste náisiúnta ar aon dul le cath Chionn tSáile an toradh i gcoinne na hEilvéise i bhfianaise a raibh á thuairisciú i nuachtáin, agus ar stáisiúin raidió agus teilifíse na tíre.
tubaiste disaster
" Níl sé furasta dá leithéid a bheith ag caitheamh anuas ar an tubaiste a tharla ó shin.
tubaiste disaster
" Síos an halla, isteach sa chistin, an leithreas cúil, mún beag, ar ais sa chistin, an halla arís agus isteach sa seomra suí—an teilifís ar siúl, gan fuaim, ach ní raibh ann ach scéal nuachta éigin, tubaiste, cogadh, dúnmharú.
i dtubaistí nádúrtha in natural disasters
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
tubaiste disaster
" Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
mórthubaiste an Chogaidh Chathartha the big disaster of the Civil War
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh looking at the disaster that befell them
" Bainfidh páirtí Gerry Adams sólás as macallaí sin na staire agus iad ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh ar an 24 Bealtaine.
cén dóigh a n-éalóidh sé as an tubaiste how he'll escape from the disaster
" Thug a chomharba, Gordon Brown, tacaíocht don chogadh in 2003, cé go raibh drogall air á dhéanamh sin, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dóigh a n-éalóidh sé as an tubaiste san Iaráic.
tubaiste disaster
" Ach, tubaiste! Chuir sé an liathróid san uisce faoi dhó agus chríochnaigh Pádraig seacht mbuille faoin bpar.
tragóid i ndiaidh tubaiste. tragedy after disaster
" Ón am a chuirtear an síol sa talamh go dtí go ndéantar an púdar a hooveráil suas srón duine inteacht, ní bhíonn ann ach tragóid i ndiaidh tubaiste.
tubaiste disaster
" Tá tionchar an radachuir fós le sonrú inniu, agus beidh na mílte duine thíos leis an tubaiste sna glúin atá le teacht.
thubaiste disaster
" Níor admhaigh sé go raibh daoine go leor ag fógairt go mbeadh sé ina thubaiste mura gcuirfí stop leis na nósanna a bhí ar siúl ag na bainc.
tubaiste disaster
" De réir an daonáirimh 1851, ba Ghaeilgeoirí iad, formhór na ndaoine sna contaetha thuas luaite, fiú tar éis tubaiste an Drochshaoil.
tharrtháil ón tubaiste save from disaster
" Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste? Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu.
thubaiste disaster
" Tá ceist achrannach lucht iarrtha tearmainn agus dúnghaois inimirce an rialtais araon, i lár an aonaigh arís i gcúrsaí polaitíochta abhus, áfach, i ngeall ar thubaiste a tharla ar na mallaibh.
tubaiste disaster
" Níos tábhachtaí fós, mura bhfuil tuiscint ar chúis an tubaiste, ní bheimid in ann féachínt chuige nach dtarlóidh a léithid arís.
de dheasca na tubaiste due to the disaster
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
tubaistí disasters
" Tá aird an domhain tarraingthe ar Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag tubaistí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.
tubaiste disaster
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria (Eagrán 95, Márta 2009).
tubaiste disaster
" D’éirigh leis an mbealach teilifíse náisiúnta, RTÉ, ar an láimh eile, masla a thabhairt do gach duine idir bheo agus mharbh a raibh baint acu leis an gcumann ón uair a bunaíodh é riamh anall le tubaiste de ‘Late Late Show’ ag tús na bliana.
tubaiste disaster
" Ní tháinig ach beirt, James Hamilton agus Hugh Blair, slán as an tubaiste.
tubaiste disaster
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
tubaiste disaster
" Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne.
tubaiste disaster
" Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.
tubaiste reatha current disaster
" Ós rud é gurb iad SAM is mó is cúis leis an tubaiste reatha atá mar sciúirse ar na Mandaean, b’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfaidís an iarracht is mó chun todhchaí na saíochta seo a chosaint is a choinneáil slán.
tubaiste disaster
" Má tá Meiriceánaigh ag iarraidh ‘tírghrá’ William Kristol, lena chomhairle atá tubaisteach don tír, a thuiscint, ní mór dóibh cuimhniú ar an bhfreagra a thug a athair, Irving Kristol, ar an Seanadóir George McGovern.
tubaiste disaster
" Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.
thubaiste disaster
" Ba thubaiste mhíleata uafásach í an feachtas ag Gallipoli, mar is eol do chách.
hanachana disasters
" Is amhlaidh go raibh breis is súnámaí amháin i gceist leis an tubaiste seo atá ar na hanachana aiceanta is measa ó tosaíodh ar an stair a thaifeadadh: maraíodh breis is 230,000 duine dá dheasca, líon ollmhór daoine, agus ba iad an Indinéis, an Téalainn, Srí Lanca agus an India na tíortha ba mhó a d’fhulaing.
tubaiste disaster
" Titim go Leibhéal tubaisteach Ní chreidim go gcuirfidh Éamonn Gilmore a shála i dtaca faoi cheist na Gaeilge éigeantaí agus Clár Rialtais á aontú aige le Fine Gael tar éis an chéad Olltoghcháin eile.
Tubaiste disaster
" Tubaiste cheart a bhí i gcogadh na hIaráice.
tubaiste disaster
" Meastar go bhfuil an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.
tubaiste disaster
" Anuas ar gach tubaiste eile, tá an priompallán ag caint faoi dhá cheann de na trí leithreas ar gach eitleán dá chuid a bhaint amach, agus suíocháin bhreise a chur isteach ina n-áit.
tubaistí disaster
" De bhrí go bhfuil a oiread sin tubaistí pearsanta bainteach leis an eachtra seo, níl achan duine den tuairim go bhfuil sé de cheart ag Deller leas a bhaint as an charr ar an tslí seo.
tubaiste disaster
" Nuair a thit an tóin as geilleagar an domhain cheana, cad é an dóigh gur ligeadh don tubaiste tarlú arís mar sin, 1999? An Geillmhí-eagar ======== Tabharfaimis faoi deara an dara cuid den fhocal ‘geilleagar'.
tubaiste disaster
" I dtaca leis an gheilleagar, bhí an toradh céanna ag rialtas Lynch is a bhí ag rialtas Ahern: chuir siad an tír ar bhealach chun na tubaiste.
tubaiste disaster
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
tubáiste na dífhostaíochta the housing disaster
" Ach dóibh sin a mbuaileann tubáiste na dífhostaíochta iad, tá buille eile ann - bainfear £18 billiún as tiachóg an leasa shóisialaigh.
tubaiste geilleagraí financial disaster
" In ainneoin na tubaiste geilleagraí agus na n-athruithe atá i ndán dúinn, tá cónaí orainn i dtír atá, i gcomhthéacs idirnáisiúnta, go maith as fós.
tubaiste disaster
" Bhí a chuid grianghraf le feiceáil tar éis na tubaiste ar phríomhleathanach na nuachtán ar fud an domhain.
tubaiste is déanaí latest disaster
" Beidh misneach ag teastáil go géar ina measc anois agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an dúshlán atá rompu tar éis na tubaiste is déanaí a tharla dóibh.
Máthair gach Tubaiste the cause of every disaster
" An tAineolas, Máthair gach Tubaiste ================= Ní hé gur tharla sé i ndáiríre, as féin.
Cruthaíodh an tubaiste the disaster was created
" Cruthaíodh an tubaiste mar a chruthaítear tubaistí go leor eile.
ollthubáiste massive disasters
" Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceacht foghlamtha ag na húdaráis agus tá céimeanna á nglacadh ag rialtas na Brasaíle a choscfadh ollthubáiste den chineál seo amach anseo.
tubaiste disaster
" Táimid fós ag iarraidh teacht aniar ón tubaiste sin, agus bheimis níos fearr de gan rud ar bith a dhíol seachas beart mar sin a dhéanamh in athuair.
tubaiste disaster
" In ainneoin na tubaiste náisiúnta a bhuail an tír seo, níor tharla aon réabhlóid le linn an fheachtais toghcháin.
tubaiste an olltoghcháin the election disaster
" D’fhág tubaiste an olltoghcháin go bhfuil Fianna Fáil i mbaol mar pháirtí polaitiúil.
tubaistí éagsúla various disasters
" Táirge an Áir ======= Nuair a léitear breithiúnais Sachs, ní léir ar tháinig sé slán i ndáiríre as na tubaistí éagsúla a bhain dó roimis 1994 (Roimis an bhuamáil, imthreorannaíodh é i gcillín ar feadh 170 lá).
tubaistí uafásacha woeful disasters
" Is d’ainneoin cinnteacht seo lucht eolais agus údaráis a thiteann timpístí agus tubaistí uafásacha amach i ngach cearn den domhan, i réimsí geilleagair, tionscail, eolaíochta srl.
tubaiste disaster
" Ansin, nóiméad roimh a deich a chlog i Nua-Eabhrac tharla tubaiste nach raibh aon duine ag súil leis - thug túr theas an Lárionad Trádála uaidh.
tubaiste geilleagair economic disaster
" Beidh na húdaráis phóilíní áitiúla in ann an t-airgead seo a fháil ar ais ón rialtas i Londain agus sa deireadh, tiocfaidh an t-airgead as póca an ghnáthíocóir chánach - daoine atá faoi bhrú cheana féin tar éis an tubaiste geilleagair a chruthaigh na baincéirí.
bliain chomórtha na tubaiste féin memorial year of the disaster itself
" Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin.
is tubaist don teanga a bheadh ann it’d be disaster for the language
" Ba mhaith an rud é chomh maith go mbeadh an Nuacht Ghaeilge náisiúnta ar Radió a hAon curtha isteach le Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Raidió na Gaeltachta ach, im’ thuairimse, is tubaist don teanga a bheadh ann dá n-éireodh leis an bplean aon chuid de Sheomra Nuachta RnaG a chur isteach faoi Nuacht TG4, seirbhís atá ag iarraidh a bheith ‘dhátheangach’ do réir mar atá ráite go poiblí ag an gCeannasaí atá air.
thubaiste geilleagair a bheadh ansin that’d be a disaster
" Dúirt Fianna Fáil, Fine Gael agus na páirtithe ar fad ag an am nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, gur thubaiste geilleagair a bheadh ansin.
dtubaiste disaster
" Ise a bhí ina Príomh-Aire ar an lá 15ú Aibreán 1989 nuair a chaill Anne Williams a mac Kevin, 15 bliana d’aois, i dtubaiste Hillsborough, agus ise a thug tacaíocht iomlán do na póilíní i Yorkshire Theas nuair a d’eagraigh siad forcheilt faoin imeacht.
iad ina dtost, ag machnamh ar an tubaiste in pensive mood, pondering the disaster
" D’fhág daoine aonracha agus sluaite beaga bláthanna ag an saothar, a rinne dealbhóir áitiúil, Tom Murphy, iad ina dtost, ag machnamh ar an tubaiste.
roinnt eile tubaistí oibre san Áis some other labour disasters
" Léiríonn scéal Rana Plaza, agus roinnt eile tubaistí oibre san Áis le bliain anuas, gur beag an t-athrú atá tagtha ar scéal na gcoinníollacha oibre sna críocha sin.
thubaistí nádúrtha natural disasters
" Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne.
i ndiaidh tubaist after the disaster
" Is léir, go háirithe i ndiaidh tubaist an 11ú Meán Fomhair, 2011, go bhfuil aird na heagraíochta dírithe isteach ar phobal Mheiriceá féin anois.
I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt after the disaster one understands the danger
" I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt ==================== Ach ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar na tíortha atá faoi fhorbairt.
i ndiaidh na tubaiste after the disaster
" Breis is fiche bliain i ndiaidh na tubaiste mhothaigh mé gur bhaist an dochtúir i mo shráidbhaile féin, ‘bliain na bhfionnán’ ar an bhliain i ndiaidh Searnóbail, cionn is gur rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile san áit, a mhac féin san áireamh bíodh go raibh na tuismitheoirí ar fad chomh dubh leis an bhac.
rinne sé cur síos ar an tubaiste he described the disaster
" Bhí m’athair féin, Joe, ar dualgas an oíche sin mar ‘fhear faire tine’ agus rinne sé cur síos ar an tubaiste nuair a bhí mé óg.
dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic a great disaster would happen on the first trip of the T.
" Anuas air sin, bhí tairngreacht ag Cheiro go dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic.
Tubaist chríocnaithe a proper disaster
"Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha after the multifaceted disasters
" com/tracks/132007247&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas.
tar éis na tubaiste after the disaster
" Bíodh sin mar atá, is iontach an léargas atá sa bpíosa cainte a rinne Mícheál Ó Coincheanainn, céad tríocha bliain tar éis na tubaiste ar abhainn na Coiribe, ar an gcuimhne a bhíonn ag na daoine go ceann glúnta fada ar rud a tharla ina gceantar féin.
i dtreo na tubaiste towards disaster
" Feictear domsa go bhfuil tíortha daonlathacha an Iarthair leath ina gcodladh, ag suansiúl i dtreo na tubaiste.
tíocht aniar ón dtubaist to recover from the disaster
" B’fhéidir go dtabharfadh sin deis éicint don Lucht Oibre tíocht aniar ón dtubaist atá i ndán don pháirtí ag an gcéad toghchán eile, má tá siad fós ag cur beartas Fhine Gael i bhfeidhm.
Tubaist amach is amach ba ea seo this would be total disaster
" Tubaist amach is amach ba ea seo, dá dtarlódh sé.
géire na hanachana seo the intensity of this disaster
" Tá feachtais éagsúla ar siúl ag na húdaráis le blianta fada anuas le géire na hanachana seo a mhaolú, nó na hainmhithe a dhíothú fiú, leis an dúlra ilghnéitheach a chosaint fud fad na tíre.