Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díograis diligence
" Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí ag magadh fúthu.
in anneoin mórán oibre agus dúthrachta despite a lot of work and diligence
" Ach ar an taobh eile den scéal, ní raibh ach an briseadh croí i ndán do mhuintir Aontroma mar, in anneoin mórán oibre agus dúthrachta, theip ar fhir na ngleannta a stádas sa phríomhroinn a choinneáil.
an dúthracht chéanna the same diligence
" Tá sé in am acu an dúthracht chéanna a chaitheamh ar chur chun cinn na hiomána.
dúthrachta diligence
" Ar deireadh, is é an bainisteoir a chaill an cluiche agus ní na himreoirí ar an bpáirc! In ainneoin sin ar fad, fós glacfaidh daoine leis an bpost agus tabharfaidh siad a gcuid ama agus dúthrachta go fial agus fios maith acu gur dóigh go mbeidh fonn ar dhaoine iad a chrochadh ó chrann ard lá níos faide anonn.
chuaigh a cumas agus a dúthracht i bhfeidhm go mór orm her ability and her diligence made a big impression on me
" Bhuail mé isteach chuig Maebh sa stáisiún ag deireadh na míosa seo caite, agus chuaigh a cumas agus a dúthracht i bhfeidhm go mór orm.
le dúthracht with diligence
a dhíograis his diligence, enthusiasm
" Corruair, bhí mo sheomra codlata mar a bheadh príosún ann!” D’éirigh leis cúpla taispeántas áitiúil a chur ar siúl, agus mar thoradh air sin agus ar a dhíograis, fuair sé taispeántas aonair i mBaile Átha Cliath, aitheantas i bpáipéar nuachta náisiúnta agus cuireadh chun dul ar an chlár teilifíse “The Late Late Show” ar RTÉ.
dúthracht agus díograis diligence and enthusiasm
" Theastaigh ó Ghaillimh le Gaeilge freisin dúthracht agus díograis lucht gnó na cathrach a thréaslú leo agus é seo a threisiú.
fíriúlachta diligence
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
dúthracht diligence
" Ceann de na rudaí a chuir isteach orm i gcónaí, nuair a chonaic mé a ndúthracht agus a ndílseacht don teanga, ná nach raibh slite níb éifeachtaí acu le coinneáil i dteagmháil leis an Ghaeilge agus iad bailithe leo abhaile i ndiaidh cúrsa, baile a d’fhéadfadh bheith i Manchain nó i München, i Santa Barbara, Sydney nó Seattle.
stóinsitheacht diligence
" Cá bhfuair tú an righne agus an stóinsitheacht? Ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, an ea?** Dermo: Go díreach, a Bhaloir, ar na sráideanna.
dúthracht diligence
" ” Is ríléir go ndeachaigh an dúthracht sin i bhfeidhm go mór ar mhuintir an oileáin.
dúthrachta diligence
" Ina choinne sin, áfach, is fíor chomh maith go gcaitheann imreoirí idirchontae, agus imreoirí club chomh maith, mórán dá gcuid ama agus dúthrachta i mbun traenála agus ag fáil faoi réir le haghaidh chluichí.
dhúthracht diligence
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
Ní Dúthracht go Cur Fola an Phríomheejit there’s no diligence like that of the bleeding principal’s
" Ní Dúthracht go Cur Fola an Phríomheejit ============= Chuaigh sé chun cainte ar dtús le Dáithí Mac Dúthrachta, príomhoide Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí, agus thóg a raibh le rá ag príomheejit na scoile croí Bhaloir go mór, nuair a d’éirigh leis Dáithí a thuigbheáil faoi dheireadh.