Ach nach sásta atá muid go bhfuil Balorina, a dheirfiúr dhiabhlaí dheisbhéalach dheargnaimhdeach ar shiúl ar ais go dtí an phluais a dtáinig sí as, agus í i ndiaidh feic saolta a dhéanamh di féin agus dá muintir ar "Beo Ar Éigean" na míosa seo caite.
In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.