dhiúltaigh siad
they refused
Ar ndóigh, ní raibh Rialtas Shasana sásta le hÉire neamhspleách agus
dhiúltaigh siad glacadh leis an vótáil dhaonlathach sin.
dhiúltaigh siad
they refused
Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus
dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.
ag diúltú
denying, refusing
Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé
ag diúltú don fhírínne go fóill.
cuidiú a dhiúltú
refuse help
Tuigeann na caimiléirí seo nach bhfaigheadh siad féin cead dul i dtír go deo san Iodáil ach nach féidir leis an Capitaneria di Porto
cuidiú a dhiúltú do na daoine eile ar an long.
má dhiúltaíonn siad
if they refuse
Uaireanta díoltar ar suas le €12,000 iad le máistir striapach a dhéanann bagairt go minic a dteaghlach sa bhaile a mharú
má dhiúltaíonn siad comhoibriú.
dhiúltaigh siad go hiomlán
they totally refused
Ach
dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.
dhiúltaigh siad
they refused
Idir 1922 agus 1936 rinne an Seanad 37% de bhillí a leasú agus
dhiúltaigh siad d'ocht gcinn.
dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh
he refused to continue
Chuir seo olc ar an amhránaí agus
dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh.
ag diúltú
refusing
Tá na húdaráis
ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.
diúltú náireach
shameful rejection
Sin
diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d'eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).
má dhiúltaíonn muid
if we reject
Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus
má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
Diúltaím glan
I refuse point blank
Diúltaím glan fanacht ann.
seachas diúltú
instead of refusal
An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Tá doras oscailte ann anois do scoileanna neamhaitheanta agus tacaíocht ann dóibh
seachas diúltú.
Dhiúltaigh sé
he refused
Dhiúltaigh sé agus bhagair sé an cruinniú a chur ar ceal.
seachas diúltú
instead of refusal
An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Tá doras oscailte ann anois do scoileanna neamhaitheanta agus tacaíocht ann dóibh
seachas diúltú.
diúltaíodh faoi dhó é
he was refused twice
Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus
diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.
Dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn
he refused to return to Ireland
Dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn go lá a bháis i 1985.
diúltaíonn siad
they refuse
Glactar leis go gcaithfidh na páirtithe uilig a bheith páirteach i socrú ar bith a thiocfas as na cainteanna atá ar siúl, ach tá an UPRG/UDA/UFF ag glacadh an talaimh aird mhorálta (sic) agus
diúltaíonn siad labhairt le Sinn Féin.
a dhiúltaigh glacadh leis
who refused to accept him
Ansin tháinig cuireadh i Laidin, "*Veni statim*", "Tair gan mhoill," ón dream
a dhiúltaigh glacadh leis an chéad lá - Maigh Nuad.
Diúltaíodh don iarratas
the request was refused
Diúltaíodh don iarratas.
a dhiúltaigh bogadh
who refused to move
Taobh istigh d'achar gearr bhí glais lámh phlaisteacha curtha ag póilíní in éide chíréibe agus ar chapaill ar 150 den lucht agóide
a dhiúltaigh bogadh.
a dhiúltaíonn do chaimiléireacht
which refuses to accept corruption
Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine
a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh
they are denied basic rights
Tá 4,000 eile acu a bhfuil glactha ag an leis rialtas gur teifigh iad, ach
diúltaítear cearta bunúsacha dóibh.
trí dhiúltú
by refusing
" Creideann sé freisin go bhfuil baol ann go ndéanfaidh tíortha áirithe a míshásamh maidir leis an chogadh a léiriú
trí dhiúltú comhlachtaí ó thíortha na gcomhghuaillithe a íoc as a gcuid earraí nó b'fhéidir fiú cosc iomlán a chur ar aon trádáil leis na tíortha céanna.
Ní dhiúltaíonn siad
they don't refuse
Ní dhiúltaíonn siad am ar bith.
diúltaíodh dó
he was refused
Ceann de na rudaí a spreag chun gnímh mé ná nuair a chuaigh cara liom as Béal Feirste ar aisteoir é go RTÉ chun triail a dhéanamh agus
diúltaíodh dó.
agus gur dhiúltaigh sé
and that he refused
Ag an chruinniú, a tharla ina theach i mBaile Átha Cliath, deir an Ceannfort Trears gur deineadh iarracht cur ina luí air oibriú do sheirbhísí rúnda na Breataine
agus gur dhiúltaigh sé.
diúltaithe
refused
An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas?
Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile
diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
ag diúltú ceada
refusing permission
Tá na póilíní
ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad.
ag diúltú
refusing
An taobh istigh den bhád Atlantic Dawn
Cúpla mí sular sheol an Atlantic Dawn isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, bhí an Coimisiún fós
ag diúltú ceadúnas a thabhairt don bhád.
Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh
But the captain of the Catalpa, George Anthony, refused to surrender.
Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh.
diúltú
to refuse
Reachtaíocht nua
=======
I Meitheamh 1973 thosaigh Aontacht Chumann Riartha na nÁitritheoirí (ACRA) feachtas ag iarraidh ar an Rialtas an dlí a athrú agus idir an dá linn ag impí ar dhaoine
diúltú aon chíos talún a íoc.
a dhiúltaíonn
who refuses
Ach tá fós cead aige tionónta
a dhiúltaíonn an cíos talún a íoc agus a bhfuil a léas ídithe a chaitheamh amach.
le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú
with an offer that couldn't be refused
Nuair a tháinig Valentia ar an bhfód,
le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú, fuair mé amach go raibh iachall orm mo chuidse scaireanna a dhíol leo, ar phraghas níos lú ná mar a d'íoc mé.
dhiúltaigh siad
they refused
Bhí náire ar an seandream agus
dhiúltaigh siad an teanga a theagasc dá bpáistí, mar go raibh níos mó "féidearthachtaí" ag baint leis an Bhéarla.
dhiúltaigh sé glan dom
he refused me outright
Le fada an lá bhí mé ag impí ar Ó Doornail mé a chur mar thuairsceoir chuig an Irish Fest i Milwaukee agus
dhiúltaigh sé glan dom gach bliain.
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit
that you were ever refused a job/promotion
"Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
diúltú
refusal
Ní fhéadfaí a chur i leith Rialtas na hAstráile gur dlúthchara don chomhshaol é, mar atá léirithe aige san idirbheartaíocht faoi Phrótacal Kiótó agus ón
diúltú atá tugtha aige don chonradh sin ó 1997.
dhiúltaigh sé glan
he totally refused
Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus
dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
dhiúltaigh an rialtas iad
the government refused them
"Bhí grúpaí éagsúla ag iarraidh cosc mar sin i Samhradh 2003 ach
dhiúltaigh an rialtas iad.
diúltú do chaidreamh fisiciúil
to refuse a physical relationship
Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "
diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige
that I would totally refuse to go back to
D'oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
diúltú glan
totally refuse
"Tá díomá an domhain orm le gach aon cheann des na páirtithe; níl sé de *spunk *ná de mhisneach ag páirtí teacht amach agus
diúltú glan dó seo.
Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh.
Mr Stoker refused to condemn the graffiti.
Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh.
Dhiúltaigh an Astráil
Australia refused
Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.
dhiúltaigh sé
he refused
Ach in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh, thuig an tUasal Ryan nach mbeadh seo chun a leasa agus, mar gheall air sin,
dhiúltaigh sé don phlean.
ag diúltú don réaltacht
denying reality
Ach nach meatacht é sin,
ag diúltú don réaltacht? "Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas.
diúltaíonn siad glan
they absolutely refuse
Sin ráiteas ó cheannaire an UUP a bhfuil baill dá pháirtí páirteach san Fhóram Paráidí agus sa Choimisiún Dílseach i gcuideachta pharamílitigh an UDA/UFF agus an UVF!
Tá triúr maraithe ag an UVF le seacht mí anuas, ach ní chuireann sé baill an DUP nó an UUP ó chodladh na hoíche suí lena n-ionadaithe ar fhóram paráidí ach, ag an am chéanna,
diúltaíonn siad glan déileáil le Sinn Féin - mar nár imigh an tIRA, tá a fhios agat.
nach ndiúltóinn dóibh
that I wouldn't refuse
"Dá mbeadh orm teideal a chur ar mo chreideamh polaitíochta, agus tá go leor teideal
nach ndiúltóinn dóibh, déarfainn go bhfuil mé i mo shóisialaí go cinnte, Marxach.
diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin
her parents refuse to accept that
Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain!
Páiste faoi leith
=======
Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach
diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
Diúltaíodh dá iarratas
his request was refused
Diúltaíodh dá iarratas toisc nach raibh stiúrthóir ann ag an am.
diúltú na tairisceana
the rejection of the compromise
Cailleadh seisear stailceoirí ocrais sa tréimhse idir
diúltú na tairisceana agus an uair a cuireadh deireadh leis an agóid ar choinníollacha nach raibh leath chomh flaithiúil leis an méid a bhí ar fáil ón “dreapadóir sléibhe”.
diúltú
to refuse
Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire
diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
má dhiúltaíonn an IRA scor
if the IRA refuses to disband
Beidh díomá ar chách
má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
diúltú do
reject
Is cosúil go bhfuil siad ag déanamh réidh le
diúltú do cibé ráiteas a chuirfidh an IRA amach, agus dearfaidh siad nach leor é.
cionn is gur dhiúltaigh siad
because they refused
Tá cúigear fear áitiúil i bpríosún ó dheireadh mhí an Mheithimh
cionn is gur dhiúltaigh siad gan cosc a chur ar Shell píblíne a thógáil fríd a gcuid talún.
ag diúltú
refusing
Cheannaigh siad ticéid do thraein na síochána ach tá siad
ag diúltú dul ar bord, ag screadaigh go bhfuil Gerry Adams ag tiomáint na traenach.
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe
I refused to eat grapes
Ar feadh ceithre huaire is fiche
dhiúltaigh mé caora fíniúna a ithe, a dúirt Woody Allen sa scannán cáiliúil *Sleeper *nuair a cuireadh an cheist air, “Have you ever taken a serious political stand on anything?” Níl aon dabht, in Éirinn an lae inniu, gur minic ár bpolaiteoirí gann ar sheasamh ar bith, gan trácht ar sheasamh láidir.
diúltaíodh dóibh
they were refused
Nuair a d’iarr na mionpháirtithe ar na stáisiúin teilifíse seans a thabhairt dá n-iarrthóirí páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí náisiúnta roimh an toghchán,
diúltaíodh dóibh.
ag diúltú comhoibriú
refusing to co-operate
Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós
ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
chun diúltú do na tairiscintí sin
to refuse those offers
”
Deir Aoife go bhfaigheann sí tairiscintí ó stáisiúin eile teilifíse ó am go chéile ach go bhfuil sí muiníneach go leor aisti féin anois
chun diúltú do na tairiscintí sin nuair nach mbíonn obair shuimiúil i gceist.
Diúltaíodh di
she was refused
Diúltaíodh di, ar ndóigh, agus dhiúltaigh sí máirseáil.
ag diúltú comhoibriú
refusing to co-operate
Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós
ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
gur diúltaíodh ardú céime
that promotion was refused
Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt!
Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé
gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
ag diúltú cumhacht a roinnt
refusing to share power
Faoi láthair, agus an DUP
ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr.
diúltaíodh don athrú
the change was rejected
Moladh, mar shampla, an Béarla a ainmniú mar "theanga a aontaíonn an tír" seachas "teanga náisiúnta" ach
diúltaíodh don athrú.
gur dhiúltaigh an Roinn
that the Department refused
Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile
gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach.
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh
what reasons they'll be refused planning permission
I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
gur dhiúltaigh mé don ghreamaitheoir
that I refused the sticker
Níl aon aiféala orm, mar sin,
gur dhiúltaigh mé don ghreamaitheoir a raibh na focail “Garret the Good” air a thairg an cailín deas sin dom breis is scór bliain ó shin.
nuair a diúltaíodh dó i ngach ceann acu
when he was refused in each one of them
B’éigean dó athsmaoineamh a dhéanamh, áfach,
nuair a diúltaíodh dó i ngach ceann acu.
Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh.
The pilgrim refused to do that.
Dhiúltaigh an t-oilithreach sin a dhéanamh.
ag diúltú don iarratas,
refusing the request,
In ainneoin go bhfuil Maidrid
ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh,
I totally refused to do a bungee jump,
Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh, agus diúltaím fós, in ainneoin mhaíomh na n-amadán a rinne é.
nuair a dhiúltaigh mé
when I refused
Chuir sé brú beag lag orm, ach
nuair a dhiúltaigh mé glacadh le pingin rua uaidh bhí seisean sásta fosta.
dhiúltaigh Wilson
Wilson refused
Cé go raibh an Bhreatain go mór i bhfiacha ag na Stáit Aontaithe ag an am sin (ón dara Cogadh Domhanda),
dhiúltaigh Wilson Arm na Breataine a sheoladh chuig Vítneam agus ní raibh sé ag sodar i ndiaidh LBJ an dóigh a raibh Blair ag sodar i ndiaidh George W.
nuair a dhiúltóidh sé
when he'll refuse
Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht
nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
diúltaíodh do phlean Bloomberg
Bloomberg's plan was refused
I rith na seachtaine céanna ar
diúltaíodh do phlean Bloomberg maidir le táillí plódaithe, tharla pléascadh ollmhór ar Shráid 42, atá i gcroílár Manhattan in aice le Grand Central Station, nuair a bhris galphíopa faoin tsráid.
dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush
his wife refused to meet Bush
Tháinig Uachtarán na Fraince ar cuairt, ach
dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush agus chuaigh sí ag siopadóireacht ina áit sin.
dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo
a group they refused to talk to
Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh,
dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
ní dhiúltóinn don phost sin
I wouldn't refuse that job
É sin ráite,
ní dhiúltóinn don phost sin thiar le réaltaí *Aifric* .
dá ndiúltódh scoil ar leith
if a particular school
Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt
dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
dá ndiúltódh scoil ar leith
if a particular school refused
Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt
dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
diúltú anois is arís don chathú
resist the temptation
Ach bheadh sé go deas dá bhféadfadh sé
diúltú anois is arís don chathú a bhraitheann sé an scian a shá i ndaoine .
nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
when they voted against the Constitution
Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé
doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba
nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
dá ndiúltófaí don chonradh
if the treaty was rejected
Ní gá gur vóta i gcoinne na hEorpa a bheadh i gceist
dá ndiúltófaí don chonradh sa reifreann atá ag teacht
chun cinn, mar sin, ach diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe de fhorbairt an Aontais.
diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe
rejection of some of the aspects
Ní gá gur vóta i gcoinne na hEorpa a bheadh i gceist dá ndiúltófaí don chonradh sa reifreann atá ag teacht
chun cinn, mar sin, ach
diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe de fhorbairt an Aontais.
diúltú
to refuse
Agus dúirt mé liom féin, ‘Ní féidir
diúltú do seo’.
Dhiúltaigh sé don airgead
he refused the money
Dhiúltaigh sé don airgead ach chuir sé isteach air i ndiaidh é a theacht amach as an phríosún go raibh iarphríosúnaigh beo bocht agus fadhbanna sláinte agus síceolaíocha acu.
Dhiúltaigh sé glacadh
he refused to accept
Dhiúltaigh sé glacadh le húsáid an fhocail “goidte” freisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.
dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt
An Bord Pleanála refused the development
Ba i dTuar Mhic Éadaigh a bhí an t-aon eastát amháin i limistéar Gaeltachta inar tugadh cead pleanála i Maigh Eo le blianta beaga anuas ach
dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt ina dhiaidh sin.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
dhiúltaigh sé
he refused
Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach
dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
nuair a dhiúltaínn an tuiseal ginideach a úsáid san uimhir iolra.
when I would refuse to use the genetive case in the plural
” Ach chaillidís an bloc ar fad
nuair a dhiúltaínn an tuiseal ginideach a úsáid san uimhir iolra.
a dhiúltaigh dá dánta féin.
who refused her own poems.
Tá Kate Murphy ann – an file nach file í ach atá anois ina riarthóir filíochta, í sásta tionchar a imirt ar chúrsaí filíochta trí phátrúnacht a hoifige agus trí dhíoltas a bhaint as craiceann foilsitheoirí
a dhiúltaigh dá dánta féin.
Dhiúltaigh
refused
Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
Dhiúltaigh an Ísiltír,
The Netherlands refused
Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
cead a dhiúltú do pholaiteoirí
refuse to allow politicans
I ndeireadh ama, is é an dóigh is fearr lena chinntiú nach dtiocfaidh an pholaitíocht agus an spórt salach ar a chéile ná
cead a dhiúltú do pholaiteoirí seilbh a ghlacadh ar imeachtaí spóirt.
Táthar ag diúltú do na pleananna móra
the big plans are being refused
Táthar ag diúltú do na pleananna móra go leanúnach, agus níltear ag tabhairt mar leithscéal ach amháin, ‘níl ach méid áirithe airgid tugtha ag an Rialtas d’Fhoras na Gaeilge.
nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre
when the people of France and the Netherlands refused
Rinneadh iarracht Bunreacht Eorpach a bhrú ar bhallstáit an Aontais in 2004 agus theip air sin
nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis i reifrinn in 2005.
Diúltaímis do Chonradh Liospóin
let us reject the Lisbon Treaty
Diúltaímis do Chonradh Liospóin agus vótálaimis *Níl.