Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul in olcas deteriorating
" Chuir sé brón orm é a fheiceáil, nuair a bhí a shláinte ag dul in olcas, agus toitín fós ina bhéal aige.
bhróg ag teannadh matters deteriorate
" Lena chois sin, is beag fonn a bheadh ar na heagrais dheonacha Ghaeilge sciar dá mbuiséad a chur ar leataobh do fhondúireacht den chineál sin ag am ina bhfuil an bhróg ag teannadh orthu.
ag dul in olcas deteriorating
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
imithe i léig go mór deteriorated greatly
" Tá an bheocht a shíleas a bheith in Ailt an Chorráin, an uair dheireanach dom ann, imithe i léig go mór.
laghdaithe deteriorated
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
Chun donachta a chuaigh an scéal matters deteriorated
" Chun donachta a chuaigh an scéal, faraor.
An Bhróg ag Teannadh matters deteriorating
" An Bhróg ag Teannadh ============ Mhaígh iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív sa Dáil ar an 14 Meán Fómhair go raibh dliteanas de tuairim is €100,000 ar MFG mar aon le hordú Ard-Chúirte go gcaithfí suim suntasach a aisíoc le hiarfhostaí dá gcuid.
nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne when matters deteriorate
" ” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?** DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír.
Is in olcas atá cúrsaí ag dul matters are deteriorating
" Is in olcas atá cúrsaí ag dul do dhaoine atá ag brath ar an aimsir lena mbeatha a shaothrú.
Thit an lug ar an lag matters deteriorated
" Thit an lug ar an lag i ranna go leor den fheachtas maidir le Comhthionól an Chéid Náisiúin agus maidir leis an treo ina raibh siad ag dul.
tá an díospóireacht ag dul ó mhaith the debate is deteriorating
" Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.
mheath a líofacht her fluency deteriorated
" Mhaígh Edwina gur mheath a líofacht Gaeilge ó d’fhág sí Coláiste Phádraig ina diaidh.
nár mheath a tuiscint ar her understanding didn’t deteriorate
" Is beag an cleachtadh a bhainfeadh an mheirg dá cuid Gaeilge áfach, nó is léir nár mheath a tuiscint ar an nGaeilg.