loitiméireacht
destruction
Tá an áit féin go hálainn agus í glan ar thruailliú agus
loitiméireacht.
scrios
destruction
Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur
scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
argain
destruction
Cinnte, bhíodar ag iarraidh ár agus
argain a dhéanamh ar Nua-Eabhrac agus ar Washington.
scriosadh gnáthóige
habitat destruction
Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr
scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.
sléacht
destruction
Roimh reifreann neamspleáchais na bliana sin agus go ceann trí seachtainí ina dhiaidh rinne siad ár agus
sléacht ar fud na tíre.
loitiméireacht
destruction
Tá
loitiméireacht déanta ar thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl agus tá an coimeádaí ag cur an mhilleáin ar dhílseoirí áitiúla.
léirscrios
destruction
Taispeánann na pictiúir, a thóg grianghrafadóirí proifisiúnta agus amaitéaracha, ina measc fir dhóiteáin, páistí agus póilíní, an
léirscrios a bhí le feiceáil thart ar na sráideanna, chomh maith le daoine a tháinig slán ó na túir.
airm ollscriosta
weapons of mass destruction
Is é argóint na hAstráile go bhfuil
airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
léirscrios
total destruction
Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis
léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
scrios ar an timpeallacht
destruction of the environment
In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin
scrios ar an timpeallacht.
airm ollscriosta
arms of mass destruction
Tá an rialtas ag rá go bhfuil
airm ollscriosta ag an Iaráic agus, dá bhrí sin, gur chóir deireadh a chur leo.
scriosta
destruction, damage
Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an
scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
léirscrios
destruction
Thóg sé tamall an-fhada ar údaráis an stáit seo dul i ngleic i gceart leis an
léirscrios a rinne an druga héaróin anseo sna hochtóidí.
arm ollscriosta
arms of mass destruction
Tá roinnt mhaith
arm ollscriosta ag Iosrael fosta.
ollscriosta
of mass destruction
I measc na n-arm
ollscriosta a dhéanann sé, tá an diúracán Tomahawk, an Patriot, an Sidewinder, agus an Stinger.
léirscrios
total destruction
Ach tá sé an-nua-aimseartha ar bhealach, mar tá a lán daoine óga ann sa lá atá inniu ann ar mhaith leo an domhan nádúrtha a chosaint in éadan
léirscrios an chine dhaonna.
scrios
destruction
Is siombail é den bheatha as an bhás, nó cruthaíocht as
scrios.
scrios
destruction
Bhí cath is cogadh fógraithe aigesean ar liúis Loch na Síobóige, agus, le cúnamh Dé, dhéanfadh sé
scrios fós orthu.
sceanach
destruction
Ní fios cén
sceanach a dhéanfaidh sé ina chúrsa.
loitiméireacht
destruction
An síorchuardach, an dímheas, an bhrúidiúlacht, an
loitiméireacht, scrios thithe daoine bochta.
hairm ollscriosta
weapons of mass destruction
Bhain sé sin go háithrid leis an eolas a cuireadh ar fáil faoi na "
hairm ollscriosta" a dúradh a bhí ag an Iaráic agus a bhí ag bagairt an domhain.
loitiméireacht
destruction
Níl a fhios agam an bhfaca Uachtáran na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, an
loitiméireacht sa Phort nuair a bhí sí ag freastal ar chúrsa Gaeilge Oideas Gael i mí Iúil.
airm ollscriosta
arms of mass destruction
Léirigh pobalmheas le gairid gur chreid formhór na ndaoine a raibh sé i gceist acu vóta a thabhairt do na Poblachtánaigh go raibh
airm ollscriosta ag an Iaráic, agus go raibh ceangal láidir ag réimeas Saddam Hussein le hAl-Qaeda.
arm ollscriosta
weapons of mass destruction
An inseoidh mé scéal Fiannaíochta daoibh, an sásóidh sin sibh? Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill ar thaobh mhala shléibhe is é ar thóir eilite nó carria nó caidé mar thig le duine sruth a shamhlaíochta a shaorú ar mhaithe lena mhuinéal a choinneáil in aon chuid amháin? Caidé mar thig liom fear na hordóige a thaithíodh críocha driseacha na hÉireann a chur in oiriúint do sceimhlitheoirí an Mheánoirthir? Lá dá raibh sé ag tóraíocht ola/
arm ollscriosta ar ghaineamhlach na Trá Bréagaí, ach teipeann ar mo chuid prislíní is triomaíonn na focla, galaítear cibé maothas bhí i spúinse mo mheanman.
scrios
destruction
Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí ag
scrios an chána siúcra in Queensland.
ollscrios
destruction
Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d'
ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.
airm ollscriosta
arms of mass destruction
Bhí roinnt mhaith cainte aige féin agus sceimhlitheoirí eile an rialtais faoi na "h
airm ollscriosta" a bhí san Iaráic, iad ag déanamh aithrise ar bhréaga Bush agus Blair.
díothú
destruction
*ooops! *– ach ní minic a bhíonn sé de phribhléid ag duine baile réasúnta mór a ghlanadh den léarscáil, a bhánú ar fad,
díothú agus milleadh agus líomhadh a dhéanamh ar na céadta bliain de thraidisiún gallda.
líomhadh
destruction
*ooops! *– ach ní minic a bhíonn sé de phribhléid ag duine baile réasúnta mór a ghlanadh den léarscáil, a bhánú ar fad, díothú agus milleadh agus
líomhadh a dhéanamh ar na céadta bliain de thraidisiún gallda.
airm ollscriosta
arms of mass destruction
Ar ndóigh, ní mór a mheabhrú do dhaoine gurb é seo an rialtas céanna a dúirt go raibh
airm ollscriosta san Iaráic agus go bhfuil bréagadóireacht de chuile shaghas cleachtaithe acu le tamall de bhlianta.
ollscrios
massive destruction
“Na bréaga a d’inis Tony Blair fá na hairm
ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ní ba mheasa.
na hairm ollscriosta
the weapons of mass destruction
“Na bréaga a d’inis Tony Blair fá
na hairm ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ní ba mheasa.
scrios uafásach
terrible destruction
Bhuail Tracy Darwin Lá Nollag, 1974 agus rinne sé
scrios uafásach ar an gcathair sin.
díothú
destruction
Déanfar
díothú ar an nGaeilge má tharlaíonn sé agus caithfidh chuile dhuine a thuigeann cúrsaí teanga in Éirinn cur go láidir ina éadan sin agus féachaint chuige nach gcuirfear riamh a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin
showing conflict, destruction and violence
Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.
Airm Ollscriosta Sadaam Hussein
Sadaam Hussein's Weapons of Mass Destruction
Scríobhadh an tuarascáil i gcomhair an Joint Intelligence Committee – an dream a raibh páirt lárnach i scéal/bréag
Airm Ollscriosta Sadaam Hussein.
slad
destruction
Éireannaigh ab ea formhór na ndaoine a cúisíodh as na círéibeacha, agus leis an
slad a rinneadh ar an Fighting 69th, thuigfeá dóibh.
réabadh
tearing asunder, destruction
Tharla an cleas céanna sna seachtóidí nuair a tháinig deireadh leis an
réabadh in oirdheisceart na hÁise agus thug na sluaite as an gcuid sin den domhan a n-aghaidh ar an Astráil.
a díothú
its destruction
A bás a bheas á thuar agus
a díothú a bheas á thairngreacht.
sular tháinig an t-ollscrios.
before the mass destruction came.
Tagann tocht ort agus tú i do sheasamh i lár na heaglaise, foirgneamh a bhí mar fhinné ar an lá millteanach sin, ag meabhrú ar an chuma a bhí ar an bhaile sular leagadh é agus an saol a bhí ag daoine
sular tháinig an t-ollscrios.
an léirscrios
the destruction
Déanann an scannán cur síos ar na heachtraí uafáis sna blianta le linn Chogadh na nDubhchrónach, go háirithe
an léirscrios a rinneadh ar bhailte mar Mhainistir Fhear Maí, Bhaile Brigín, Áth Troim, an Gránard agus Chorcaigh.
easpa Arm Ollscriosta.
the lack of Weapons of Mass Destruction.
De réir an mheabhráin, ba chuma leis faoi na Náisiúin Aontaithe nó
easpa Arm Ollscriosta.
scrios
destruction
Pictiúr le smál de dhaoine ag éalú ó charráiste lán deataigh agus a glacadh le fón póca a bhí ar an íomhá ba mhó chuimhne den
scrios a rinne buamálaithe féinmharfacha ar thraein agus busanna Londan ar 7 Iúil, 2005.
scriosadh na Ríochta.
the destruction of the Kingdom.
Tá píosa beag den fhírinne ag baint leis an tuairim sin sa chás seo mar i ndeireadh ama is dócha gur ar chúinsí eacnamúla a dhéanfar an cinneadh i leith
scriosadh na Ríochta.
léirscrios
total destruction
É sin ráite, tá go leor Astrálach ann chomh maith a bhfuil náire orthu as an ról a bhí ag an tír seo san fhadfhulaingt agus sa
léirscrios a tharla – agus atá ag tarlú fós – san Iaráic.
ollscriosúla
mass destruction
Gnó brabúsach an chogaidh
Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm
ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit.
scrios
destruction
“Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!”
Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an
scrios a rinne loitiméirí.
airm ollscriosúla
weapons of mass destruction
Mar is eol do chách anois, ní raibh '
airm ollscriosúla' ag Saddam Hussein ach oiread.
léirscrios
destruction
go dtí gur tháinig na francaigh: luchóga móra a tháinig ina milliúin agus ina mbilliúin agus a rinne scrios agus
léirscrios agus sléacht agus díothú ar gheilleagar na ríochta.
a scriosta
to their destruction
Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill
a scriosta ar deireadh.
ollscriosúla
mass destruction
Thug 9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leis ‘na hairm
ollscriosúla’ nárbh ann dóibh.
scrios
wrecking, destruction
Ansin tosaíonn an
scrios.
loitiméireacht
destruction
org/wiki/Slieve_League) Mar a scríobh mé ar BEO arú anuraidh, rinneadh
loitiméireacht ar an tobar i 2007, rud a chuir fearg agus déistin orm.
eirleach
destruction
Is beag seachtain a théann thart gan scéal éigin ar na meáin faoi
eirleach a bheith déanta ar ghnáthmhuintir neamhurchóideach na tíre Meánoirthearaí seo.
léirscrios
total destruction
Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh
léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
hairm ollscriosúla
weapons of mass destruction
Le os cionn milliún daoine maraithe agus beagnach cúig mhilliún díláithrithe san Iaráic mar gheall ar na
hairm ollscriosúla nárbh ann dóibh, cheapfá go mbeadh doilíos éigin ar Netanyahu.
ollscriosúla
of mass destruction
Roimh an ionradh ar an Iaráic, ba iad Perle agus Wolfowitz ba mhó a chuir chun cinn bréaga an Iarácaigh maidir le hairm
ollscriosúla.
léirscriosúla
of mass destruction
Mar sin, is é an dream is mó atá ag béicíl faoi bhagairt na sceimhlitheorí Ioslamacha, is é sin, na nuachoimeádaigh ar nós Perle, Feith agus Grossman agus a gcuid cairde Iosraelacha, atá ag cabhrú leis na sceimhlitheorí, ar a laghad, go hindíreach teacht ar armáin
léirscriosúla.
scrios
destruction
Bhí diamhracht agus iontas i gcónaí ag baint le pléascadh bolcáin in ainneoin an
scrios agus an dochar a thiocfadh leis a dhéanamh.
airm ollscriosúla
weapons of mass destruction
” Níl an dara rogha ag rialtas Mheiriceá, dar leis an seanadóir, má tá siad chun ‘cibear-ionsaí 9/11’ – finscéal eile ó na daoine céanna a chum na scéalta faoi ‘
airm ollscriosúla na hIaráice’ agus ‘buama eithneach na hIaráine’ – a sheacaint.
gléasanna scriosta
means of destruction
De réir mar a bhí na hinnill chogaíochta agus na
gléasanna scriosta ag éirí níos cumhachtaí agus níos tréamanta, is amhlaidh is mó a bhí ealaíontóirí an tsaoil ag tiontú in éadan an dearcaidh seo ar an chogaíocht.
scrios
destruction
Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an
scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
milleadh
destruction
Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an
milleadh seo,
milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’!
Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh.
léirscrios is measa
worst destruction
Rinneadh an
léirscrios is measa ar shaíocht agus ar theangacha an mhuintir dhúchais sa stát sin dá dheasca.
scrios
destruction
Mar a tharla i ndiaidh “saoradh” na hIaráice, agus atá ag tarlú san Eigipt ó thús na “réabhlóide” ansin, déanfear
scrios ar an bpobal Críostaí tar éis a bheith ann le 2,000 bliain anuas.
iomlánú nó scrios an bháis
the fulfilment or destruction of mortality
Caitheann sé na mórthéamaí uilig isteach sa phota freisin; brí, nó ainbhrí na beatha,
iomlánú nó scrios an bháis? Anseo atá na mórpheacaí marfacha chomh maith - uaibhreacht, saint, drúis, fearg, craos, éad agus leisce; cuir leosan cumhacht agus laige an duine.
as ucht a saíocht a bheith scriosta
for the destruction of their culture
Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais
as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
scrios iomlán
total destruction
Bhí acu rinne na Gearmánaigh
scrios iomlán ar Terry agus ar na cosantóirí eile sa chluiche deiridh, laistigh de dheich nóiméad.
ollscrios
mass destruction
Is cinnte gur spreag An Scread ealaíontóirí eile ar nós Pablo Picassso, nuair a phéinteáil sé Guernica mar fhreagra ar an
ollscrios a rinneadh ar an bhaile Bhascach ag na Naitsithe.
Scrios a Beartaíodh
destruction was planned
”
Scrios a Beartaíodh
=======
Léiriú paiteanta ar na fadhbanna cumarsáide seo ab ea an cur síos a rinne an Leas-Phríomhfheidhmeanach chuig an Chomhchoiste faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar phostanna san earnáil dheonach.
ollscriosadh uafásach
desperate destruction
Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine
ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
meabhraíodh dom an scrios
I was reminded of the destruction
Ag seoladh go hÍ Cholm Cille níos túisce an samhradh seo,
meabhraíodh dom an scrios a deineadh in Éirinn ag béarlú na logainmneacha dúchais.
léirscrios atá in ann do
utter destruction is in store for
An dóigh a bhfuil sé anois, áfach, léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur
léirscrios atá in ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus gur beag suíocháin a bheas idir Fine Gael agus Fianna Fáil an chéad iarraidh eile.
Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain
creation, destruction and recreation
Is meascán de ghrianghrafadóireacht, péintéireacht agus de fhíseán a mheabhraíonn
Cruthú, Scriosadh agus Athchruthú an Domhain.
Ar Nós Cuma Liom Faoin Scrios
devil may care about the destruction
Ar Nós Cuma Liom Faoin Scrios
============
Ní haon iontas é mar sin go bhfuil socrú déanta ag an Ríocht Aontaithe le rialtas na hÉireann go ndíolfaí an aibhléis a ghintear as feirmeacha gaoithe anseo le heangach náisiúnta na Breataine.
Na hAirm Ollscriosúla
weapons of mass destruction
Na hAirm Ollscriosúla
=========
Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
airm ollscriosúla
arms of mass destruction
Na h
airm ollscriosúla
=========
Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘
airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
scrios
a destruction
Ag an am seo, bhí go leor den bharúíl go ndearna Elgin
scrios ar Ataen leis an bhradú seo agus scríobh an Tiarna Byron i *Childe Harold’s Pilgrimage*:
> ‘Dull is the eye that will not weep to see –
> Thy walls defaced,
> thy mouldering shrines removed by British hands?’
Bhí daoine eile ann, áfach, a d’amharc ar an bhailiúcháin nua sa Iarsmalann mar chuid de ré úr na hArd-Ealaíne agus scríobh leithéidí Goethe agus Keats go dearfa faoi seo.
níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall
the only thing defending them from the destruction around them
Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus
níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin.
réabadh
destruction
Ní as an aer a thosaigh an
réabadh agus an marú.