"Mhol mé dó cúpla milliún euro a chomharthú fá choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag.
Tá foraoiseacha i Ruanda, Uganda agus PDC ceaptha ag na húdaráis mar pháirceanna náisiúnta agus mar thaobh tíre caomhantais le dhá scór bliain anuas, rud a fhágann go bhfuil na Batwa díbrithe as na foraoiseacha sin.
Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
Ach ar ndóigh, níorbh é sin an eachtra ba mheasa de na scliúchais a tháinig mar thoradh ar chinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste gan bratach na Breataine a bheith ar crochadh ar Halla na Cathrach ach ar laethanta réamhcheaptha.
Fiú i Roinn an Taoisigh féin tugadh comhairle dó gan a bheannacht a thabhairt don Phlean go dtí go mbeadh dianmhachnamh déanta aige faoin mholadh go mbeadh rannóg faoi leith ina Roinn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge fán bhliain 1987.