Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toscaireacht delegation
" Fuair siad dearbhuithe ó Sir Ronnie go raibh sos cogaidh an UDA á mheas "ar bhonn laethúil", agus d'imigh an toscaireacht léi sona sásta.
toscaireacht delegation
" Cúpla lá roimh an Nollaig, d'iarr toscaireacht ina raibh daltaí ó mheánscoileanna poiblí na Róimhe agus mic léinn ollscoile cruinniú leis an Aire í féin faoi na leasuithe, leasuithe dar le go leor daoine a rachaidh chun tairbhe do na scoileanna príobháideacha níos mó ná na cinn phoiblí.
thoscaireacht delegation
" I measc thoscaireacht an UPRG, bhí JohnWhite - fear a ciontaíodh as dúnmharú an tSeanadóra Paddy Wilson agus Irene Andrews - Davy Mahood, agus iar leas-Ardmhéara na cathrach, Frank McCoubrey.
thoscaireacht delegation
" Níor chuir sí aithne ar Cruise O'Brien arís go dtí go raibh sí ar thoscaireacht go dtí na Náisiúin Aontaithe.
cur ina luí ar thoscaireacht an DUP to convince the DUP delegation
" An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht? Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
toscaireacht delegation
" An tseachtain seo caite, bhuail toscaireacht ón Ord le státseirbhísigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.
mar chuid de thoscaireacht as part of a delegation
" Fuair an grúpa cuireadh ó Rialtas na hÉireann bheith mar chuid de thoscaireacht a bhí ag dul ansin leis an nasc idir an dá thír a láidriú agus, cé go raibh siad gnóthach ag an am, chonaic siad é seo mar dheis nár mhór dóibh a thapú.
cuireadh toscaireacht a delegation was sent
" Bhí iarracht den íoróin ag baint leis gur cuireadh toscaireacht chun na hIndia le mic léinn a mhealladh chuig ollscoileanna na hÉireann dhá lá i ndiaidh don rialtas an t-ardú sa táille cláraithe a fhógairt.
gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann it’d be worth sending a delegation over
" B’fhéidir gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann le scéim idirchultúrtha a chur ar bun.