Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin!
Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an
deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.