Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréimhse chinniúnach decisive period
"tréimhse chinniúnach roimh na meáin Ghaeilge agus iad ag tabhairt faoi dhul chun cinn millteach i gcúrsaí teicneolaíochta agus faoi mhargadh ina bhfuil géariomaíocht.
ó thoghchán na bliana cinniúnaí since the election of the decisive year
" Chaith beagnach 54 faoin gcéad de na toghthóirí a vóta, an ráta vótála is airde sa Pholainn ó thoghchán na bliana cinniúnaí 1989 ann.
casadh cinntitheach decisive turn
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
lá cinniúnach decisive, critical day
" Agus é ag fógairt a imeachta os comhair na meán an lá cinniúnach sin, bhí cuma bhíobalta ar an radharc – a dheisceabail dhílse lena thaobh agus an fhuinneog dhaite taobh thiar de.
cinniúnach fateful, decisive
" Bhí go leor den tuairim, agus aontaím féin leo, gur chinneadh tromchúiseach, cinniúnach é ag an réiteoir poc éirice a bhronnadh ar Chill Chainnigh agus an cluiche ag dul go dtí an dóbair.
Chinniúnach decisive
" Agus ní iontas ar bith é gur scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhe ar an Irish Times le déanaí gurb ann do “bhliain Chinniúnach na Gaeilge”.
cinniúna decisive, fateful
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
cinniúnacha decisive
" Is léir anois agus le roinnt blianta anuas, nach i mí Bhealtaine, mí Mheitheamh ná i mí Iúil féin a imrítear na cluichí móra, cinniúnacha a shocraíonn cé a bheas san iomaíocht faoi dheireadh na biaiste.
am na cinniúna at the decisive moment
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
lá cinniúnach eile another decisive day
" Is fada obair ar bun ar seo ach creidim féin gur lá cinniúnach eile don Ghaeilge í seo.
Bliain chinniúnach a decisive, fateful year
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
ba chor tábhachtach é sin that was a decisive moment
" Níor tuigeadh go forleathan ag an am, ach ba chor tábhachtach é sin i stair mhaoiniú na scoileanna abhus.
Is am fíorchinniúnach it’s a really decisive time
" Is am fíorchinniúnach atá ann faoi láthair sa tír seo, mar atá a fhios agat, agus ar fud an domhain le rudaí ag titim as a chéile, easpa airgid agus fadhbanna.
ag am atá thar a bheith cinniúnach at a very decisive time
" Sa chomhthéacs sin, tá an tairiscint ag teacht ag am atá thar a bheith cinniúnach.
ar an reifreann cinniúnach to this decisive referendum
" Ach níl muintir na tíre seo ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.
Bliain chinniúnach decisive year
" Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt.