Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cluanaireacht deceitfulness
" "Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar thuairsceoir stuama.
bhealachtachas deceitfulness
" Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe? Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt.
lán de ghliceas agus de chluanaireacht full of cunning and deceitfulness
" Scéal lán de ghliceas agus de chluanaireacht atá ann, ina léirítear John Drewe (nó John Cockett mar a baisteadh é) ní hamháin mar bhrionnóir sároilte, ach mar bhréagadóir den chéad scoth chomh maith.