a bhféiniúlacht a dhearbhúto re-assert their identity
Ach éiríonn leis na grúpaí seo a dteanga, a mblas cainte agus a dtraidisiúin - a dtéann a bhformhór i gcoinne ghnáthluachanna na sochaí Meiriceánaí - a choimeád agus a bhféiniúlacht a dhearbhú, in ainneoin *suburbia*, glúin i ndiaidh glúine.
I measc gheallúintí an Chomhaontaithe, bhí dearbhú ón dá rialtas go síneofaí Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna agus go mbunófaí Coimisiún Um Chearta Daonna ó thuaidh agus ó dheas.
Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
Ach bheadh ar an rialtas lárnach dearbhú go raibh sé mídhleathach, ós rud é nach nglacann Bunreacht na Spáinne in aon chor leis an bhféidearthacht seo.
Ainneoin nach bhfuil na Gardaí ná an PSNI tar éis aon dearbhú a thabhairt go fóill gur bhain an t-airgead Sasanach a aimsíodh i gCorcaigh le robáil Bhanc an Tuaiscirt, deir an tAire Dermot Ahern nach bhfuil aon amhras ar an rialtas ach gur ón robáil seo a tháinig ar a laghad cuid den airgead a fuarthas.
Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
dátaí taispeántais a dhearbhú.to confirm exhibition dates.
”
Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
)
Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
Níl ciall ná réasún ag baint leis an chóras mar atá agus buntáiste á thabhairt do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uathu go bhfuil fadhb foghlama teanga acu ar nós disléicse.
d'ainneoin na ndearbhuithedespite their reassurances
"
Cén sórt córais amaidigh é seo? Caitheann an Roinn a lán ama – agus a lán airgid – ar Limistéir faoi Chosaint Speisialta a ainmniú agus ansin, ní dhéanann siad mórán chun iad a chosaint, d'ainneoin na ndearbhuithe ar a suíomh gréasáin.
Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
Dúirt an fealsamh Emmanuel Kant go bhfaighimid léargas ar an áilleacht, nuair a chuirimid ár leas féin de leataobh agus nuair a bhreathnaímid rudaí áille, ní le húsáid a bhaint astu ná lena míniú ach le glacadh leo mar atá siad agus iad a dhearbhú inár saol féin.
Déanta na fírinne, bhí daoine go leor san iar-rialtas coimeádach amhrasach faoi chúiseanna an téimh dhomhanda, agus dhiúltaigh siad scun scan an Prótacal Kyoto a dhearbhú, cuir i gcás.
Ach éireoidh An Rí Brian an Chreamha ina sheasamh agus déanfaidh sé fógairt agus dearbhú agus cuirfear deireadh leis an éagaoineadh agus leis an éagnach agus leis an chrá croí, nó fógróidh sé an tír ar fad ina Gaeltacht mhór amháin.
Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d'Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte.
Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
Míshásamh le Meirge
==========
Tá daoine áirithe ag dearbhú a míshástachta le bratach na tíre beagnach ón gcéad lá ar fógraíodh é mar bhratach na hAstráile, i gcomharbacht ar bhratach na Breataine, sa bhliain 1954.
Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duinethe Declaration of Human Rights
Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine.
Dhearbhú an Neamhspleáchaisthe Declaration of Independence
B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le *‘apple of gold in a frame of silver’*
Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson.
Gan trácht fiú ar ráiteas cáiliúil Oliver Wendell Holmes gurbh ionann focal ann le *“the skin of a living thought”*, níor shásaigh dearbhuithe oifigiúla an Choiste Slándála gach éinne.