Bhuel, nach bhfuil an áibhéil tuillte agam? Samhlaigh scannán dubh agus bán: strainséir ina sheasamh i ndoras, figiúr dorcha in aghaidh an tsolais amuigh agus a scáth sínte go fada síos ar urlár cúng éigin - mise, agus ar chúl dorais ag bun an phasáiste súile fhear an tí leata chomh mór gur beagnach bán ar fad iad, cluas greamaithe don adhmad,
bodhraithe go tobann ag macalla an iarainn sna boinn agus mé ag coisíocht céim ar chéim chun tosaigh - chugat, a fhear na súl bán, faitíos chugat! Agus leis sin shiúil mé síos an pasáiste, ag comhaireamh na gcoiscéimeanna dom féin, a haon, fan tamall, a dó, chuaigh mé i bhfad scéil leis, a trí, bhain fad mór millteach fada as nó gur shroich an doras agus chnag, aon dó trí.