daoine a rangú de réir cumais
to categorize people according to ability
Is fearr
daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
ag neartú de réir a chéile
gradually getting stronger
Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge
ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
de réir a chéile
gradually
'" D'athraigh a ndearcadh
de réir a chéile, áfach, agus tá níos mó ná leath de na daoine a chríochnaigh na cúrsaí sin anois ag clárú ar chúrsaí Gaeilge.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht
as we grow up
Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo
de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
beart a dhéanamh de réir a mbriathar
to fit their actions to their words
Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha
beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
de réir a chéile
gradually
Tá rudaí ag athrú
de réir a chéile, ach go dtí go ndéanfar leasú ar na dlíthe frith-cheardchumainn, beidh go leor deacrachtaí le sárú againne sna ceardchumainn.
de réir a chéile
gradually
Chuaigh siad i bhfeidhm orm
de réir a chéile, mar ní thabharfá faoi deara ach ceann amháin ag an am.
de réir a mbriathra
according to their words
Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú
de réir a mbriathra.
de réir mar a leánn na leacacha móra oighir
as the big sheets of ice melt
Dá dtarlódh an tromluí
=======
De réir an *scenario *a chuir Schwartz agus Randall chun cinn ina dtuarascáil, tiocfaidh deireadh tobann le Sruth na Murascaille am éigin thart ar 2010, toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíoruisce ag teacht isteach san fharraige sna réigiúin Artacha
de réir mar a leánn na leacacha móra oighir.
ag feabhsú de réir a chéile
gradually improving
Tá rudaí
ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad.
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe
as the inflation rate increases
Cé go dtagann ardú ar an méid seo
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
de réir mar a scaiptear an scéal fúinn
as news of us spreads
Tá an t-éileamh atá ar ár seirbhísí ag fás
de réir mar a scaiptear an scéal fúinn.
de réir a chéile
gradually
Measaimse go dtosóidh daoine ag éileamh níos mó airgid agus coinníollacha oibre níos fearr
de réir a chéile.
de réir mar a éiríonn tú níos sine
as you grow older
"Ach tá Bealach an Doirín ar cheann de na háiteanna sin a thaitníonn níos mó leat
de réir mar a éiríonn tú níos sine," a deir sí.
de réir mar a forbraíodh an teicneolaíocht
as the technology was developed
Laghdaíodh na costaisí
de réir mar a forbraíodh an teicneolaíocht.
de réir a chéile
gradually
Chuaigh mé ar ais dhá mhíle bliain go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn - agus níos faide siar fiú - ansin tháinig mé ar ais
de réir a chéile i dtreo an lae inniu.
de réir a thaithí féin
according to his own experience
Smaoiníonn gach uile dhuine
de réir a thaithí féin.
is de réir a chéile a thógtar na caisleáin
Rome wasn't built in a day
Níl teorainn lena bhfuil i ndán dó ach
is de réir a chéile a thógtar na caisleáin!
AÓF: Má tá daoine ag iarraidh cabhrú leis an mBéal Binn, céard is féidir leo a dhéanamh?
NNicCI: Bí linn ag na himeachtaí, tar chuig an gclub nó chuig an bhFéile Filíochta nó chuig dráma.
ní dhearna siad beart de réir a bhriathair
they didn't act as he told them to
Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus
ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
de réir mar a lobh an corp
as the body rotted
Teoiric eile
=======
Nuair a theip ar an teoiric seo, chuir na Gardaí an tuairim chun tosaigh go raibh cineál fola an linbh ag athrú
de réir mar a lobh an corp.
ag laghdú de réir a chéile
decreasing gradually
Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach
ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
ag éirí níos sine de réir a chéile
getting older gradually
Tá daonra na hÉireann
ag éirí níos sine de réir a chéile – maireann na fir, ar an mheán, go dtí go mbíonn siad 75.
de réir mar a mhaíonn sé féin
as he claims himself
Fear mór spóirt é ar scor ar bith,
de réir mar a mhaíonn sé féin.
de réir mar a athraíonn dreach an duine
as the appearance of the person looking at it changes
Úsáidtear dathanna go minic mar aidiachtaí radharcacha le cur síos a dhéanamh ar ghiúmar duine agus is é an bunsmaoineamh sin a spreag grúpa eolaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain le bealach a aimsiú chun ealaín a léiriú a athraíonn
de réir mar a athraíonn dreach an duine atá á breathnú.
de réir mar a bhuaileann an tallann tú.
as the fit takes you.
I rith na féile, is féidir an-sult a bhaint as a bheith ag fálróid thart,
de réir mar a bhuaileann an tallann tú.
cúlú de réir a chéile
withdraw gradually
Is féidir leis comhairle Ghrúpa Staidéir na hIaráice a leanacht agus
cúlú de réir a chéile go leithscéalach, nó fanacht san Iaráic i bhfiontar an chogaidh.
de réir a bhuanna féin,
according to its own merits,
Is an rud a bhí i gceist agam ná gur chóir go ndéanfaí achan tionscadal Gaeilge a mheas
de réir a bhuanna féin, ní i gcomhthéacs na mbuanna a bheadh aige do phobail eile.
De réir a chéile,
Gradually,
Bhíodh na tacaithe reoite leis an bhfuacht de cheal aon rud le déanamh!
De réir a chéile, thosaigh mé ag baint taitnimh as an rugbaí agus bhínn ag imirt go rialta.
De réir a chéile,
Gradually,
De réir a chéile, faigheann muid amach cad ba chúis le bás Jackie, agus scaoiltear rúin a coinníodh i bhfolach le fada an lá.
de réir a chéile
gradually
Tháinig an dara duine agus
de réir a chéile cuireadh leis an bhfoireann bheag.
nach ndéanann beart de réir a briathair.
who don't do as she told them to
Gan paidir capaill a dhéanamh de, seo mar a nochtaíodh dó:
Go luath i mí na Samhna, ceapfar Twink mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann, cionn is go dtuigeann sí an dóigh le labhairt le fir
nach ndéanann beart de réir a briathair.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
according to the law as it pertains to refugees
Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach”
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
de réir a chéile
gradually
Seans go bhfuil an Rialtas den tuairim go mbeidh an pobal i gcoitinne níos toilteanaí glacadh le hathruithe má dhéantar iad
de réir a chéile in ionad polasaithe móra radacacha a chur i bhfeidhm a chuirfidh olc ar dhaoine áirithe.
nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.
when he acts according to his word
Creidfidh mé John Gormley
nuair a dhéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.
de réir mar a théann siad anonn in aois
as they go on in years
Tagraíonn an teideal *An áit a n-ólann an t-uan an bainne *don fhonn a thagann ar dhaoine,
de réir mar a théann siad anonn in aois, filleadh ar a n-áit dhúchais.
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit
which counts the votes by state
Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta",
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin.
de réir a chéile,
gradually
Bhí mé tar éis éirí bómánta agus ní ba bhómánta fós thar na blianta agus,
de réir a chéile, d'éirigh mé chomh dúr sin gur dhúshlánach dom amharc ar *Friends* agus cos a choinneáil leis an phlota! Beidh mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh go ceann bliana ag déanamh MA in *Ethnochoreology*.
de réir a bhriathair
at its word
Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh
de réir a bhriathair.
De réir mar a thuigim
as I understand it
De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc.
beart a dhéanamh de réir
act accordingly
Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus
beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.
De réir a chéile
by and by
De réir a chéile, tháinig an scéal amach faoin tallann a bhí ag Séamus agus rinne sé CD aonar 'The Road to Glenlough' chomh maith le 'The Brass Fiddle' le Con Ó Caiside, Vincent Mac Ailín agus Proinsias Ó Beirn.
de réir a chéile
by and by
Bíonn feidhmchláir,
de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
De réir a chéile
by and by
fr/)
De réir a chéile bhunaigh Le Châtelet é féin le clú idirnáisiúnta mar lárionad léirithe d’ardchaighdeán agus de nuálaíochtaí.
de réir a bhriathair
keep to his word
org/wiki/David_Blunkett)
Ach an raibh a bheart
de réir a bhriathair? Nuair a chuir mé scairt ar Roinn Oideachas inniu (14.
de réir a chéile
gradually
Tá an díomá agus an fhearg ag maolú
de réir a chéile.
beart de réir a bhriathair
action as promised
Ba léir go ndearna sé
beart de réir a bhriathair, tráth ar foilsíodh na meastúcháin ag deireadh na bliana mar go raibh buiséad agus cúraimí leagtha síos don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
de réir a dtola
as they wish
ag ligean do na smaointe fánacha teacht agus imeacht
de réir a dtola’.
de réir a bhriathair
up to his word
Tar éis an tsaoil, rinne Maradona beart
de réir a bhriathair ar an ábhar gur gheall ag tús a réimis go mbeadh ainm na hAirgintíne sa bpota don chomórtas mór.
beart de réir a mbriathair
act as they said
Níl aon amhras dá mbeadh móramh glan acu, go ndéanfadh Fine Gael
beart de réir a mbriathair.
de réir a shoiscéil
according to his gospel
Ba cheart,
de réir a shoiscéil, cead a gcinn iomlán a bheith ag lucht ghnó.
de réir a chéile
by and by
Is é an fáth gur tharla an saol mar atá: easpa tuisceana a bheith againn féin ar an saol, go lárnaítear maoin agus airgead
de réir a chéile go hiondúil, i lámha mhionlach an fhíorshaibhris, ach in amanna, is féidir leis tarlú de phlimp.
de réir a chéile
by and by
Ach tháinig feabhas ar chúrsaí
de réir a chéile.
de réir a chéile
by and by
Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach
de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
beart a dhéanamh de réir briathair
to do as promised
Neosfaidh an aimsir an n-éireoidh leis
beart a dhéanamh de réir briathair.
de réir a chéile
by and by
Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur
de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
De réir a chéile
by and by
De réir a chéile, tarlaíonn an rud céanna i bhfeachtas tar éis feachtais.
de réir mar a thogrófas tú
as you wish
Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach
de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
de réir a chéile
by and by
Tá na Gaeil ag téarnamh
de réir a chéile, d’ainneoin na mbacainní ar fad atá curtha roimh an *‘social fact par excellence’*.
de réir a chéile
by and by
Tiocfaidh na cathracha slán
de réir a chéile: nuair a thosóidh an t-inneall geilleagrach ag casadh arís, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí airgeadais, ar earraí breisluacha, agus ar fhoirgníocht.
de réir a dtola
according to their will
Agus i ndiaidh do mhuintir bhocht na hÉireann dul ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as, agus vótaí a chaitheamh
de réir a dtola agus a méine agus a ndúile, thit mar a bheadh tost ar an tír, agus níor chualathas glór cantalach Chathail Mhic Ceithearnach Coille ag múscailt daoine ar maidin ná glór séimh binn Vincentius Brownius ag cur daoine ina dtámhnéal suain san oíche.
De réir a chéile
finally
Sáinniú gan Urchóid
===========
De réir a chéile, bhí an slua ag brú timpeall orm agus iad ag súil le rud in aisce.
beart de réir a bhriathair
his living up to his word
Seo *‘Everyman’*, nó *‘Everyleanbh’*, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaise ‘ghlaine a chroí, neart a ghéag’ agus an ‘
beart de réir a bhriathair’.
De réir a chéile
by and by
De réir a chéile, tosaíonn sí ar a saol a atógáil ón bhonn arís.
rinne sé beart de réir a bhriathair
he did as promised
”*
“Maith go leor,” arsa Ó Cuinneagáin, agus
rinne sé beart de réir a bhriathair nuair nár inis sé an scéal do Bhalor ach an t-aon uair amháin.
de réir a chéile
gradually
Bhí reachtaíocht an Stáit á haistriú go Gaeilge i Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ó aimsir bhunú an Stáit agus,
de réir a chéile, rinne an fhoireann simpliú ar an gcóras litrithe a bhí á úsáid i bhFoclóir an Duinnínigh.
an doras amach de réir a chéile
gradually retreats out the door
Cúlaíonn clann, comharsain agus an ceol féin
an doras amach de réir a chéile.
de réir an chomhairle a chur
according to the advice given
Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann,
de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
de réir a chéile
step by step
Tá an ghluaiseacht ag forbairt
de réir a chéile agus tá curaclam agus bonneagar fós idir lámha ag na teagascóirí.
ní a dhealaigh iad de réir a chéile
something which separated them accordingly
D’fhan na Sean-Ghaill lena seanchreideamh,
ní a dhealaigh iad de réir a chéile le lucht cinsil nua na tíre, na Nua-Ghaill agus óna dtailte féin dá réir.
i dtaithí air de réir a chéile
used to it by and by
Táthar ag súil nach mbeidh ach an t-ainm bunúsach i bhfeidhm ar ball nuair a théann muintir na tíre
i dtaithí air de réir a chéile.
bheidís á leasú go mall de réir a chéile
they’d improve it with deliberation
Thógfaidís bonneagar cumarsáide a mhairfeadh tríocha bliain, agus ar feadh an ama sin
bheidís á leasú go mall de réir a chéile.
de réir a chéile
gradually
Ach bhí rudaí ag athrú
de réir a chéile: shíl cuid de na hÉireannaigh, go háirithe Éireannaigh núíosacha a tháinig go Learpholl le post a fháil sna 1950aidí, go raibh Conradh na Gaeilge seanaimseartha, sáinnithe i *‘time warp’* mar a déarfá
Meath an Chonartha
========
Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 agus bhí sé tarraingteach do dhaoine a raibh suim sa cheol traidisúnta acu ach nach raibh spéis acu sa teanga.
a mheas de réir
estimated according to
Cleas an Philibín
=======
’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais
a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
De réir a athar
according to his father
De réir a athar, bhíodh “dúil aige sa ghalf agus bhí cis aige a bhí thart ar a naoi nó a deich.
De réir mar a éiríonn leo
according to how they succeed
De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
de réir a chéile
more and more
Le linn an leabhair, cuireann muid aithne ar Cheradenine Zakalwe,
de réir a chéile, go dtí go dtuigeann muid nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí.
i bhfeidhm de réir a chéile
into effect by and by
Ach is cosúil nach raibh an toradh ceart ar na cóid iompair a chuir na corparáidí móra
i bhfeidhm de réir a chéile ó na nóchaidí.
De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh
according to the opinions expressed
De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
de réir a chéile
over time
’ Ach
de réir a chéile, scaip an scéala faoin rogha iontach sléibhte sa Spáinn: idir na Piréiní agus Na Sléibhte Cantabracha i dtuaisceart na tíre, Sierra del Gata agus de Gredos sa lár, agus sa deisceart na Sierra Morena, Sierra Nevada agus Valencia.
de réir a chéile
eventually
Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus
de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
de réir a chéile
gradually
"Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus
de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.
beart a dhéanamh de réir briathair
action to match the sentiment
Tá an tuiscint ann, níl de dhíth anois ach
beart a dhéanamh de réir briathair.
a fheidhmíonn de réir
which functions according to
Bhí an maisiú gutha go forleathan inti, maisiú
a fheidhmíonn de réir mar is rogha don amhránaí é.
De réir mar a thuigtear do
as (D.) sees it
De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
ba bheag a spéis, de réir dealraimh
she had little interest, apparently
Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus
ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach.
De réir a chéile
gradually
De réir a chéile tá fianaise ó fhoinsí éagsúla ag teacht le chéile maidir leis an gheilleagar féin, agus buíochas mór le Dia, tá loinnir bheag an dóchais ar an scéal don chéad uair le fada an lá.
De réir a chéile a thógtar na caisleáin
things happen by and by
De réir a chéile a thógtar na caisleáin, deir siad.
de réir mar a bhualann an fonn iad
whenever they’re inclined to
Ligeann na ceoltóirí corr-liú áthais astu ó am go chéile, nó cuireann siad lúibíní cainte leis an gceol
de réir mar a bhualann an fonn iad.
de réir a chéile
gradually
Ach
de réir a chéile, chuaigh na páistí chuig ranganna ceoil, le Scoil clúiteach Mhic Phéice ar dtús agus chuig Patrick Dave ina dhiaidh sin.
de réir a chéile
gradually
Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn
de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
De réir a chéile
gradually
De réir a chéile tá an aibhléis agus an t-uisce a gcur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair is boichte.
chaithfinn beart a dhéanamh de réir na mbriathar
I'd have to deliver the goods
Ach
chaithfinn beart a dhéanamh de réir na mbriathar.
a chruthaigh iad de réir finscéil
who created it as the story goes
Is iad na reacairí ansiúd a thosaigh é ar dtús (Chris Messina
a chruthaigh iad de réir finscéil <http://www.
de réir a chéile
gradually
Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú
de réir a chéile.
De réir a chéile
gradually
De réir a chéile cuireadh le líon na scáileán teilgeora sin ionas go bhféadadh na híomhánna gluaiseacht níos tapúla agus go raibh leanúnachas níos fearr le sonrú orthu.
De réir a suíomh idirlín
according to their internet site
De réir a suíomh idirlín (<http://www.
de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir
according to a report published by the researcher
I gceantar uirbeach i mBaile Átha Cliath 10, tá fiacha fóntais ag 60% dá gcliaint, formhór na ndaoine sin ag fanacht i dtithe nach bhfuil morgáistí ar bith acu,
de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir Dr Stuart Stamp i Mí Iúil 2013.
scaip an slua de réir a chéile
the crowd gradually dispersed
Nuair a bhí an léacht thart,
scaip an slua de réir a chéile.
de réir a chéile
gradually
Ach nuair a tháinig siad a chónaí in Buenos Aires, mheasc siad leis na ciníocha eile agus
de réir a chéile laghdaíodh an tÉireannachas a bhí iontu.
de réir a chéile
gradually
Chroch mé liom iad
de réir a chéile thar thréimhse roinnt seachtainí agus leag iad sa dóigh go raibh an taobh a bhí gearrtha sáite go domhain faoi uisce srutháin.