Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dorchachta darkness
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
duifin darkness
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
faoi dhorchadas in darkness
" Nuair a bhíonn an samhradh thart, bíonn na tithe sin faoi dhorchadas.
faoi choim na hoíche under the blanket of darkness
" Cúis eile gur tarraingíodh ár n-aird ar na comharthaí, is dócha, ná go raibh muid ag tiomáint go minic faoi choim na hoíche, nuair a bhí an trácht níb éadroime ná mar is gnách, agus na sráideacha i bhfad ní ba chiúine.
dorchacht darkness
" "Ní haon Adi C tusa! Agus níl tú Dána ach oiread! Not on your Nally!" a deir an glór leis i ndorchacht na hoíche.
doircheacht darkness
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
dorchadas an gheimhridh the darkness of winter
" Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.
diamhracht darkness
" "An bhfuil a dhath ar bith ag bogadh istigh ansin i ndiamhracht agus i ndoilbhe agus i marbhchiúnas Fhoraois na Gaeilge?" a fhiafraíonn Balor an Bhéil Bhinn.
tríd an dorchadas through the darkness
" Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas.
doircheacht darkness
" MNíB: Traidisiún págánach é seo (ciallaíonn págánach “ón dtuath”) - muintir na tuaithe marbh aige drochaimsir agus doircheacht.
doircheacht darkness
" Tar éis chúltroid fhuilteach Arm na Poblachta idir 1922 agus 1923, agus seal de bhliantaibh breise caite sa doircheacht lasmuigh, shiúil an “Longfella” agus feisirí tofa a pháirtí nua – Fianna Fáil - thar tairseach an Chúigiú Dáil isteach, ar an 12 Lúnasa 1927.
sa doircheacht in the darkness
" Comhcheilg Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
ag lonrú dhorchadas na hoíche. lighting up the darkness of the night.
" Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche.
i ndiamhracht na pluaise sin. in the darkness of that cave.
" “Ní bheadh a fhios agat cé a chasfaí ort i ndiamhracht na pluaise sin.
a gineadh sa diamhracht which was produced in the darkness
" As bréantas agus graostacht agus súlachas na háite sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
chun an dorchadas a scaipeadh. to drive away the darkness.
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
san fhíordhorchadas agus san fhíorchiúnas. in true darkness and true quietness.
" Is fiú go mór d’aon duine an turas fada a dhéanamh anseo, mar gur féidir leat titim i do chodladh san fhíordhorchadas agus san fhíorchiúnas.
an dorchadas, the darkness,
" Ansin, tháinig an dorchadas, ar a dtugtar *Te Pō*.
i gcoim na hoíche under cover of darkness
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
ar fhórsaí an dorchadais on the forces of darkness
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
dorchadais of darkness
" Ní minic sna scannáin, nó sa litríocht, anois go smaoiním air, a thagann duine ar Mhaimeó a thugann dúshlán Lady Macbeth mar aingeal baineann an uabhair – mar bhanphrionsa scanrúil an dorchadais.
ndorchacht darkness
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
i néal an dorchadais in a cloud of darkness
" Cén seórt sochaí atá forbartha againn, nuair gur féidir le seirbhísí sláinte na tíre seo cúigear ban, atá ag mothú faoi bhrú agus atá i néal an dorchadais, a bhogadh ó ghnáthsheomra oscailte in otharlann isteach i seomra eile atá faoi ghlas, agus iad brúite isteach i gcomhluadar ban eile? Níl spás fágtha idir na leapacha agus tá orthu uilig leithreas agus cithfholcadh amháin a roinnt.
amach as dorchadas an chéid seo caite out of the darkness of the last century
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
i ndorchadas na foraoise in the sylvan darkness
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
faoi choim na hoíche under cover of darkness
" Bhog sí go dtí teach a deirféar ansin faoi choim na hoíche, ach tá geata is glas ar an gclochán ina bhfuil an teach agus ní fhacthas Corby amuigh faoi aer go fóill.