i mbaol
in danger
In amanna mothaíonn muintir na háite
i mbaol agus iad ag siúl ar an chosán.
i mbaol titim
in danger of falling
Cén fáth? An raibh an foirgneamh
i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
i mbaol báis
in danger of dying
San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí
i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
an baol
the danger
Treo nua
=======
Bhí an *Andersonstown News* sásta obair a chur ar fáil do Mháirtín sna hochtóidí agus sna nóchaidí, fiú agus
an baol ann i gcónaí go ndéanfaí é a lámhach agus é i mbun a chuid oibre.
i mbaol
in danger
"
Beatha daoine "
i mbaol"
=======
Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
gan aon bhaol
without any danger
Raghaidh éinne a chuirtear i reilig na cille sin go díreach go neamh,
gan aon bhaol súil a leagadh ar Ifreann ná ar Phurgadóir.
baol
danger
Sa chás seo, áfach, tá an
baol ann go bhfuiltear ag déanamh ábhar magaidh den ealaín.
i mbaol báite
in danger of sinking
D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus
i mbaol báite.
i mbaol
in danger
Braitheann tú gur duine é Ó Cuív a thuigeann an dóigh le maireachtáil taobh istigh den chóras polaitiúil agus nach mbeidh a shuíochán Dála
i mbaol go deo.
baol
danger
Ach rinneadar iarracht an
baol a bhaineann leis a mhaolú trí tabhairt le fios go mb'fhearr leo a bheith i bpáirt le Fine Gael ná le Fianna Fáil dá mbeadh an rogha acu.
i mbaol
in danger
Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór
i mbaol.
i mbaol
in danger
Is léir go bhfuil an *Irish Times*
i mbaol de dheasca míbhainistíochta agus an cinneadh a ghlac siad clólann úrnua a thógáil ar £60m nuair nach raibh a leithéid ag teastáil.
i mbaol
in danger
Bhí an tráth ann i dtús na seachtóidí nuair a bhí an rialtas
i mbaol aon uair a ndeachaigh an ráta sin os cionn 2%.
i mbaol
in danger
Cé nach raibh an chathair
i mbaol, bhí cuid de na bruachbhailte agus bailte beaga suas agus anuas le cósta agus sna Blue Mountains.
i mbaol báis le linn na breithe
in danger of dying during the birth
Beidh an ginmhilleadh ceadaithe fosta i gcás ban a bheas
i mbaol báis le linn na breithe.
scála baoil
danger scale
Bíonn tuairisc ann fá dtaobh díobh gach lá ina mbíonn
scála baoil - ó uimhir 1 (baol íseal) suas go huimhir 5 (baol an-ard).
dainséir
danger
Ag am mar sin tuigeann tú cén fáth a mealleann sléibhte na hAlban sléibhteoirí sa gheimhreadh, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an
dainséir a bhaineann leo.
i gcontúirt a mharaithe
in danger of being killed
Síleann sé anois go bhfuil sé
i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta.
i mbaol
in danger
Tá an club an-tábhachtach ach an dtuigtear go bhfuil an club
i mbaol? Sin ceist gur gá aghaidh a thabhairt uirthi i gcomhthéacs na béime a chuirtear ar fhoirne contae agus i gcomhthéacs na cainte faoi ghairmiúlacht agus airgead a íoc le himreoirí idirchontae.
i mbaol a mbáite
in danger of drowning
Is minic a bhíonn ar an Capitaneria di Porto (póilíní teorann na mara) teacht i dtarrtháil ar na daoine seo de bharr go mbíonn siad
i mbaol a mbáite.
i mbaol
in danger
Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne
i mbaol.
i mbaol
in danger
Bheadh *ethos* an chumainn
i mbaol ansin, dar liom, agus cá bhfios cén tionchar a bheadh ag a leithéid sin ar na gnáthbhaill agus na cumainn ar fud na tíre.
i mbaol báite
in danger of being drowned
Bhí sé i gcontúirt i 1998 nuair a bhuail gála é taobh thoirthuaidh den Astráil a d'fhág
i mbaol báite sa bhfarraige é.
i mbaol a dúnta
in danger of being closed
Tá an scoil Chaitlieach
i mbaol a dúnta.
in ainneoin na gcontúirtí
despite the dangers
Le beagnach 150 bliain, tá an FDNY ag mealladh daoine ó theaghlaigh Éireannach na cathrach -
in ainneoin na gcontúirtí ar fad, a bhfuarthas léargas pianmhar orthu ar an 11 Meán Fómhair, 2001.
baol
danger
Tá an
baol ann, áfach, go dtarraingeoidh an t-uafás sin, a bhí ar scála chomh mór sin, aird ó laochra eile a luann Golway, leithéidí John Bresnan.
gan bráca nó dainséar
without trouble or danger
Faigheann úsáideoirí idirlín tairiscintí ina mbosca teachtaireachtaí ríomhphoist a chuireann ar an eolas iad faoi shuímh ghréasáin ar féidir leo cuairt a thabhairt orthu agus "na hearraí" atá ar taispeáint a cheannach
gan bráca nó dainséar.
contúirtí
dangers
Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann - go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na
contúirtí a bhaineann lena ngairm.
i mbaol
in danger
Nuair a bhíonn cluiche iontach iomána thart, áfach, is laoch é gach imreoir atá tar éis lámha agus cosa agus colainn a chur
i mbaol, agus imirt le cur chuige agus paisean chun an bua a fháil.
Níl baol orainn go fóill
we're not in danger yet
Déarfaidh tú leat féin, '
Níl baol orainn go fóill.
chun an baol ó Sellafield a mhaolú
to lessen the danger from Sellafield
Ach ní leor é
chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
i mbaol
in danger
Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann
i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
Méadóidh sé ar an mbaol
the danger will increase
Méadóidh sé ar an mbaol go n-ionsófar an tír agus a cuid saoránach.
baol
danger
"Tá an
baol ann go dtiocfaidh grúpa de thíortha Eorpacha le chéile chun cosc uile-Eorpach a bhrú chun cinn," a deirtear (féach (www.
i mbaol
in danger
Ceapann sé go bhfuil an iomáint
i mbaol áfach, fiú sna contaetha láidre, agus luann sé mar shampla de sin cás chathair Chorcaí.
Is beag an baol
there is little danger
Is beag an baol go bhfuil dearmad déanta ar leithéidí Thomáis Criomhthain, Mhuiris Uí Shúilleabháin agus Pheig Sayers a thug seoda litríochta dúinn.
baol
danger
Nuair a bhí an cigire istigh san earrach, dúirt sé gur cheart go mbeadh polasaí ann le haghaidh oibrithe a bhíonn ag obair ina n-aonar mar go bhfuil an
baol ann go ndéanfadh duine éigin ionsaí foréigneach orthu.
i mbaol
in danger
Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin
i mbaol chomh maith.
i mbaol a mbáis
in danger of being killed
Praghas: €25 (clúdach crua)*
Gluais • Glossary
beathaisnéis údaraitheauthorized biography
a dialanna pearsantapersonal diaries
páipéir phríobháideachaprivate papers
go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President
bailithe le chéilegathered together
bhriseadh lárthéarmamid-term break
ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight
as go brách leisoff he went
ina sámhchodladhsound asleep
clagarnachclatter
liúigh Patrick féinPatrick himself yelled
den chosán bristeof the broken pavement
foscadhshelter
tolgcouch
phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded
rinne lámhachánshe crawled
dallógablinds
leathorlachhalf an inch
grúpa confachan angry group
idirboth
ag béiceachshouting
casúrhammer
tairnínails
cláir adhmaidwooden boards
gráscardisorderly mob
bosca na bhfiúsannathe fuse box
lúth na ngéagthe power in her limbs
marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear
crógachtbravery
cinnireachtleadership
fuaraigeantacool-headed
ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner
ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters
as a támhnéal faitísfrom her trance of fear
ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys
shín amach a cosshe extended her leg
Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped
a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted
i mbaol a mbáisin danger of being killed
scanraithe as a mbeathascared to death
trost na mbrógthe tramp of the shoes
carr coimhthíoch bána strange white car
go tráthrialtaregularly
nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home
róchontúirteachtoo dangerous
í ar a díchealldoing her best
ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion
leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency
barúilidea
gluaiseachtaímovements
i bhfianaisein light of
nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit
drogallreluctance
an t-aon chosaintthe only protection
i mbaol
in danger
Tagann oibrithe chuig Áine agus chuig Séamus Mac Géidigh, léiritheoir an chláir, agus iad buartha go bhfuil a bpost
i mbaol.
i ndainséar
in danger
ÉÓD: An raibh tusa
i ndainséar riamh agus tú ag obair mar bhreathnóir?
SF: A, bhí - cúpla uair.
ná baol air
and no danger of it
Chuir siad masc thar mo bhéal agus dúirt liom teacht ar ais i gceann coicíse - dá mbeinn fós beo! Anois ní scaoilfidh siad mise ná mo mhasc isteach sa bheár i dTeach Laighean, ná isteach sa bhialann, ná fiú isteach sa *jacks*! Cad é a dhéanfaidh mé?
An cuma le duine ar bith? An bhfuil an (blíp) sin, Charlie McCreepy, sásta an t-airgead a thabhairt do na dochtúirí le hiad a mhealladh ar ais ag obair? Níl,
ná baol air! Tá sé féin agus Bertie an (blíp-ing) bodach chomh folláin le breac i bpoll brandaí agus is cuma sa tsioc leis na (blíp-ing) clabhstair fúmsa bocht breoite.
dá mbraithfidís in aon chontúirt í
if they felt it was in any danger
Í a aistriú ó reoiteoir go reoiteoir ar fud an eastáit
dá mbraithfidís in aon chontúirt í .
i mbaol
in danger
"
"Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo
i mbaol agus trína chéile.
baol
danger
Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i m
baol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
baol
danger
"
Go dtí go ndeachaigh sé go Meiriceá, mheas Allen nach raibh na cúrsaí léinn a rinne sé ródhúshlánach agus d'éirigh go maith leis i gcónaí i scrúduithe; le linn na chéad bhliana in MIT, áfach, tháinig imní air agus thosaigh sé ag smaoineamh go raibh
baol ann go dteipfeadh air sna scrúduithe.
baol
danger
I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken i m
baol a bhuailte ach d'éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach.
i mbaol a bhuailte
in danger of being beaten
I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken
i mbaol a bhuailte ach d'éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach.
contúirte
danger
Ní raibh ach 56 póilín ar dualgas sa chathair nuair a thug an Bhanríon Elizabeth cuairt ar Learpholl ar an 25 Iúil mar chuid den Iubhaile, mar ócáid chiúin a bhí ann, gan mórán
contúirte, de réir an Phríomh-Chonstábla.
i mbaol
in danger
Ní haon ionadh mar sin go bhfuil iascairí tíortha ar nós Senegal agus Mauritania ag gearán go bhfuil an Atlantic Dawn ag cur a slí bheatha traidisiúnta féin
i mbaol.
níl aon bhaol
there is no danger
Ach
níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar scéal an Chatalpa go ceann scaithimh.
baol
danger
Leag an fear má tá
baol ann.
i mbaol a bháis
in danger of dying
Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá
i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
i mbaol
in danger
Deir sé go bhfuil na rudaí a bhí fíor faoin phost roimh 9/11 fíor go fóill:
"Am ar bith a théann tú amach le do chuid oibre a dhéanamh, cuireann tú do bheatha
i mbaol," arsa Cole go suaimhneach.
Ba bhaolach
there was a danger
Cad é mar a thángthas ar an mbunreacht seo?
Ba bhaolach ar feadh i bhfad nach dtiocfadh an Coinbhinsiún ar aon aigne faoi aon téacs amháin.
baol
danger
Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur chóir an margadh i gcaoirigh beo a stopadh ar fad mar gheall ar an teas agus an
baol ó ghalair agus ocras.
contúirt
danger
Arís, is dóigh liom gurb iad na binsí fiosrúcháin is mó a chothóidh
contúirt d'fhear Dhroim Conrach.
baol
danger
An deacracht is mó atá agamsa leis an bplean, áfach, ná go bhfuil an
baol ann go bhfágfar *élite *i mBaile Átha Cliath, go mór mór sa dá roinn rialtais is cumhachtaí, an fhad is atá cúraimí tánaisteacha á ndéanamh thíos fán tír.
chontúirt
danger
Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an
chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
baol
danger
Tá spiorad agus féiniúlacht ar leith ag baint leis an pháirc ó ceannaíodh i 1913 í, agus tá
baol ann go gcaillfear cuid den fhéiniúlacht sin má cheanglaítear í i meon an phobail le cluichí neamhdhúchasacha eile.
baol
danger
Tá
baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile.
i mbaol báis
in danger of dying
Fuair Kitty dhá glaoch gutháin ar an 6 Deireadh Fómhair seo caite, ceann acu ag rá go raibh Nia tagtha ar an saol, agus ceann eile ag rá go raibh Proinsias go dona tinn san ospidéal agus
i mbaol báis.
baol
danger
An
baol atá ann i gcónaí ná má sholathraíonn tú an t-aistriúchán gur dóigh le daoine gur sin an bunleagan.
i mbaol
in danger
Tá an ceart acu siúd nach gcaitheann tobac dul amach gan a sláinte a bheith
i mbaol mar seo," a dúirt sé.
an mbaol foréigin
the danger of violence
Céard a spreag na léirsitheoirí a tháinig amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn chruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh i dtús na míosa? Sa bplé ar fad sna meáin roimh ré leagadh an-bhéim ar
an mbaol foréigin a bhí ann, ach is beag plé a rinneadh ar na cúiseanna agus ar na haidhmeanna a bhí ag an lucht agóide.
i mbaol
in danger
Ina tuairim féin, áfach, chuirfeadh an teicníc nua-aimseartha seo an chloch
i mbaol.
chontúirt
danger
Cinnte tá sé mar fhreagracht orainn saothar a shábháil má tá an
chontúirt ann go gcaillfear é.
Beag an baol!
No danger of that!
Ach an raibh sé sásta éisteacht liom?
Beag an baol! Ní thig duais do pháipéar a bhronnadh ar pháipéar nach bhfuil i gcló ar páipéar! Agus anois.
baol
danger
Bheadh an
baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.
i mbaol báis
in danger of dying
Cúpla bomaite roimh thús an chluiche a bhí ann agus bhí na mílte ag scairteadh leis na póilíní, ag rá go raibh siad
i mbaol báis, ach níor thug siad aird ar bith orainn.
contúirtí
dangers
Ach tá
contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.
i mbaol
in danger
Ach, níos tromchúisí arís, cuirfidh an damba seo seanchultúr rúnda go mór
i mbaol.
i mbaol a blaosc a scoitheadh
in danger of having her head cut off
?
geilleagareconomy
ina dtuile amholain a flood of crude oil
a rómhróinn fúmthat I would dig the ground under me
i mbaol a blaosc a scoitheadhin danger of having her head cut off
bantrachtwomen
dallamullógdeception
dá cumas ceaptha scéaltaher ability to make up stories
bíogúilsprightly
is gan a dhath agam dá bharrwith nothing to show for it
maitheasgood
mo dhícheannadhmy decapitation
cúiscause
mo dhianéagmy violent death
anbhásviolent death
babhta mionnaí móraa bout of cursing
bómántaslow-witted
i mbaol báis
in danger of being killed
Cé go raibh Kilfoyle in aghaidh an chogaidh ón tús, agus gur cháin sé Tony Blair go láidir agus an dóigh a raibh sé ag sodar i ndiaidh George Bush, ní raibh sé ag iarraidh pointí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhí Ken Bigley
i mbaol báis.
baol
danger
Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil
baol ann go n-éireoidh an duine sin "institutionalised", mar a deir an Béarla?
"Tá an
baol ann i gcónaí," a deir sí, "ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine.
baol
danger
Dúirt saineolaithe na linne nach raibh
baol ar bith ag baint leis an tseift seo agus glacadh lena dtuairim.
baol
danger
Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i m
baol.
baol
danger
141 láithreán
=======
Thar aon rud eile, is é an
baol go ndéanfar dochar do láithreáin seandálaíochta eile sa cheantar is mó atá ag cur imní ar dhaoine, láithreáin, b'fhéidir, nach eol dúinn faoi láthair, fiú, iad bheith ann.
do bhaol a mbáite
to the danger of being drowned
*
Gluais • Glossary
dul i dtaithí arget used to
seanmóirsermon
léachtaíreadings
gnáthchomhráordinary conversation
chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be
luasspeed
sruth caintea stream of words
foighneachpatient
botúinmistakes
séiplíneachchaplain
bosca faoistineconfession box
ag éisteachthearing confessions
eascainíswearing
iarrachtattempt
leithreastoilet
sna Flaithisin Heaven
seálshawl
sa Nigéirin Nigeria
deoisediocese
gáneed
ualachburden
misneachhope
leictreachaselectricity
cuisneoirífridges
cadhnrabattery
a bheadh le luchtúwhich would have to be charged
gineadóirgenerator
go han-spárálachvery sparingly
scannán an-mholtaa highly-praised film
deontasgrant
bolgánbulb
mionrud éiginsome small thing
le caoi a chur airto repair it
m'airdmy attention
draíochtmagic
a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart
a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me
spioradáltachtspirituality
achrannquarrelling
aighnisdisputes
tuairimí láidrestrong opinions
pearsantachtaí láidrestrong personalities
in árach a chéileat loggerheads
Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me
chruthódh séit would prove
turas na croisethe stations of the cross
an CarghasLent
aisteachstrange
gníomh creidimhan act of faith
ráiteasstatement
briathar Déthe word of God
béimemphasis
trí chéilein general
gannscarce
comaoineachcommunion
fireann nó baineannmale and female
an-ghar don nádúrvery close to nature
do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned
scór ógánachtwenty young men
a bádhwho were drowned
truamhéalachheart-breaking
strompthastiff
ina baclainnon her arm
mothúcháinemotions
ar tír móron the mainland
ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide
d'aireofáyou would feel
bádrowning
sciobadh na farraigethe sea's snatching
sólássolace
i gcréin the soil
i ngaineamh na cillein the sand of the grave
faraoralas
uaigneas imeachtathe loneliness of departure
cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays
a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis
de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs
ábhair acadúlaacademic subjects
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt
in danger of suffering long-term harm
Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
i mbaol báis
in danger of dying
Thug Andy Hull "*a woolly compromise*" ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne
i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.
baol
danger
Tá
baol ann, áfach, nach mbeidh cuid dhe chomh ciúin is a bhíodh sna blianta atá romhainn.
baol
danger
Dúirt an Australian Strategic Policy Institute, eagraíocht atá á maoiniú ag Rialtas na hAstráile, go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le NGP faoi láthair, go bhfuil an stát an-lag agus go bhfuil
baol ann go dtitfidh an stát as a chéile taobh istigh de chúig bliana déag mura mbeidh an Astráil gníomhach ann.
i mbaol
in danger
Ba é an t-aon ghuth aonair i bhFianna Fáil a chosain na PDs ná an tAire Seamus Brennan, duine nach raibh tuairim ar bith aige ag an am go raibh a phost féin
i mbaol.
i mbaol
in danger
Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith
i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
sa bhearna bhaoil
in the gap of danger
Sheas sé
sa bhearna bhaoil go minic le cúpla bliain anuas agus chosain sé an eagraíocht go maith sna meáin chumarsáide nuair a bhí siad sáite i gconspóidí éagsúla.
baol
danger
Tá an
baol ann i gcónaí nach mbeidh an Ghaeilge, dála mionteangacha eile, in úsáid i ndóthain réimsí den saol.
i mbaol
in danger
Ach cén costas atá i gceist? Nach cineál d’ocsamórón é sláinte do pháiste a chur
i mbaol ar mhaithe le sábháilteacht? Agus, nuair a smaoiníonn tú air, bhí tuismitheoirí breá ábalta súil a choinneáil ar a bpáistí i bhfad sular tháinig gutháin phóca ar an saol.
baol
danger
Tá an
baol ann i gcónaí nach mbeidh an Ghaeilge, dála mionteangacha eile, in úsáid i ndóthain réimsí den saol.
i mbaol mo bháis
in danger of dying
MÁNAS: Bhí mé
i mbaol mo bháis agus chonaic mé na peacaí uilig a bhí déanta agam.
baol
danger
Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an
baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
baol
danger
(Conas a litrítear “KYOTO” arís?) Má fhaigheann Ryanair an conradh OSP i gCiarraí, nach bhfuil
baol ann go mbeidh ar Iarnród Éireann gearradh siar ar an tseirbhís seo nó deireadh a chur léi i gceann cúpla bliain?
Is cróga – nó b’fheidir amaideach – an té a thuarfadh go cinnte dátaí nó cinntí an rialtais seo faoi chúrsaí iompair.
níorbh eagla don bheirt chéanna a bheith ar an phort amháin
there was no danger that the same pair would agree
Bhí Aoife ina déagóir déanta anois agus
níorbh eagla don bheirt chéanna a bheith ar an phort amháin fá na gnóthaí seo.
baol
danger
Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an
baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
baol
danger
Mar sin, nach bhfuil
baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu?
Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
baol
danger
Bhuel, níl
baol ar bith ann, mar sin.
i mbaol báis
in mortal danger
Theastaigh uaidh teacht i gcabhair ar na créatúir bhochta a bhí
i mbaol báis sa túr, áfach, agus léim sé ar cheann de na hinnill dóiteáin a bhí ag dul ansin.
Bhriotánaigh i mbaol
Bretons who were in danger
Rud nach raibh súil leis san am, d’fheidhmigh an CC i rith an dara Cogadh Domhanda mar bhealach éalaithe do
Bhriotánaigh i mbaol, agus leanadh dá nglacadh isteach ina dhiaidh sin.
baol
danger
Mar sin, nach bhfuil
baol ann go gcaillfear, diaidh ar ndiaidh, ainmneacha na mbailte fearainn – agus an stair atá le fáil iontu?
Agus an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag síniú Orduithe Logainmeacha (mar shampla an tOrdú le déanaí a d’athraigh ainm Gaeilge Mountcharles ón mBéarlachas, is é sin Móin Séarlas, go Tamhnach an tSalainn) chun stair áitiúil na tíre a chaomhnú, b’ait an rud é dá mbeadh Roinn eile ag milleadh na staire seo, ag cur uimhreacha ríomhaire-chairdiúla in áit logainmneacha saibhre.
baol
danger
Bhuel, níl
baol ar bith ann, mar sin.