Ar a laghad, bhí conspóid éigin ann nuair a fuarthas amach go raibh daimh idir na Paisleys, *pere et fils*, agus an forbróir réadmhaoine Seymour Sweeney, ball den DUP.
Agus tagann dán chugam i gcónaí, dán beag álainn a scríobhadh sa naoú aois - níos mó na míle bliain ó shoin! Níl a theideal ná ainm an fhile againn, ach tugann sé brí an gheimhridh leis go beacht álaínn, ina chruth Nua-Ghaeilge anseo:
-----------------------Scéal liom daoibhDamh ag glaoch,sneachta síorsamhradh d'éag.
Tá míle mantra ag an dúlra agus ba bhinn lenár sinsir romhainn iad:
Sgolghaire luin Doire an Chairn,
búithre an daimh ó Aill na gCaor,
ceól le gcolladh Fionn go moch,
lachain ó Loch na dTrí gCaol.