Tá na leabhair lán de scéalta mar gheall ar Dhaideo agus Mamó ina suí cois teallaigh agus na páistí óga ag éisteacht lena gcuid cuimhní cinn agus lena gcomhairle faoi chúrsaí an tsaoil.
Níor gan siocair mhaith a tugadh máthair/athair ‘críonna’ ar dhaideo agus ar mhaimeo, mar ba iontach an ‘chríonnacht’, nó gaois an tsaoil, a bhí cruinnithe acu agus ba an-sás oiliúna agus oideachais in aon teaghlach a leithéid.