Ar chúis an-phraiticiúil a cuireadh a céad iarrachtaí fileata i gcló! Nuair a tosnaíodh ag foilsiú na hirise *Comhar* s
na daichidí, bhíodh a lán den obair ar siúl in íoslach theach Mháire i bPáirc Leeson; ó am go ham, dhéantaí botún agus bhíodh bearna orlaí nó mar sin idir altanna, agus lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi leis an mbearna sin a líonadh!
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
*An tOileánach*: an lámhscríbhinn iomlán curtha in eagar ag Seán Ó Coileáin.