Tá cur síos thar a bheith greannmhar sa leabhar ar chomhrá idir Tony Blair agus Paddy Teahon, inar thug Rúnaí Rialtais na hÉireann na mionnaí móra agus na seacht mallacht ar Mhandelson a bhí, i ngan fhios dó, ag cúléisteacht leis an chomhrá!
Maíonn Mandelson ins an leabhar seo gur tábhachtaí i bhfad é
dúshraith muiníne a bhunú ná caidreamh pearsanta maith a bheith aige le leithéidí Adams agus McGuinness.