Sna blianta atá amach romhainn, beidh
dúshlán mór roimh mhuintir Chill Chartha agus roimh mhuintir iardheisceart Dhún na nGall ina iomláine: an oidhreacht a chaomhnú ag gach leibhéal de shaol na ndaoine, agus na nithe atá maith ó thaobh teanga, ó thaobh ceoil agus ó thaobh cúrsaí cultúrtha a choinneáil chun neart a chur leis an turasóireacht chultúrtha, ar bhealaí a rachas chun sochair do gach duine sa cheantar agus do na glúnta atá le theacht amach anseo.