"Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus
chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.