Ní hé Joe Mc Hugh is measa ach Enda, an Taoiseach le Gaeilge a bhfuil an oiread sin drochmheasa aige orainn is go gceapfadh sé duine gan Ghaeilge ina Aire Stáit Gaeltachta! In áit a cháinte, b’fhearr a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Joe Mc Hugh agus tacaíocht a ghealladh dhó dá mbeadh sé de mhisneach aige dul i ngleic le
díothú na teanga sa méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt.