Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne
beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht!
D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach
beagáinín díomách.