Níorbh iad na Murphys amháin a bhí gníomhach sa chiorcal spiaireachta seo de chuid an SVR, seirbhís spiaireachta na Rúise, agus comharba an KGB; bhí Anna Chapman (fíorainm: Anna Vasilievne Cuistiencó) ag gníomhú i Manhattan, go hoscailte mar
dhíoltóir tithe i gceantar Nua-Eabhraic, ach ag eagrú ciorcal, ar an gcúlráid, timpeall na cathrach chun eolas a bhailiú faoi dhúnghaoisí na Stát Aontaithe.