instealladh díocaisinjection of enthusiassm/keeness
Dá ndéarfadh duine, 'Beidh séasúr drámaíochta ar siúl i mí na Samhna gach aon bhliain nó i mí Aibreáin gach aon bhliain, agus beidh cúig cinn de dhrámaí Gaeilge ar siúl', cuir i gcás sa Phéacóg, dob fhéidir, dar liom, lucht na Gaeilge a thabhairt le chéile nó fuinneamh nó instealladh díocais éigin a chur isteach iontu.
Ón méid atá feicthe agam féin agus mé i mo chuairteoir i gCamus le roinnt blianta anuas, tá Colmán agus a chomhghleacaithe ag treabhadh an ghoirt i gceart, agus le díocas, agus táim cinnte go mbeidh toradh ar a saothar.
Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d'fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó.
D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú.
le díocas Dé ag gleadhradh ina súílea religious zeal shinning in their eyes
Ní féidir iad a stopadh, le díocas Dé ag gleadhradh ina súíle, agus tá arm na hIaráice, a chaith rialtas Mheiriceá na scórtha milliún á n-oiliúint, ag creimeadh rompu.