sula roiseann an díchuimhne iadbefore the forgetfulness unravels them
Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m'aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad.

Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
rachadh sí i ndíchuimhneit would cease to be remembered
I 1996, foilsíodh Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an taos léinn, 1603-1788 de chuid Bhreandáin Uí Bhuachalla, leabhar a rinne iarracht a chruthú gurbh é:
‘a bhí i gceist ag an gCéiteannach nach mbeadh aon ‘luadh ná iomrádh’ ar Éirinn feasta mura gcuirfí foirm údarásach scríofa dá seanchas ar fáil: ní hé go mbáifí Éire nó go rachadh sí ar ceal ach go rachadh sí i ndíchuimhne.
Tá an doineann seo atá ann faoi láthair ag tabhairt go leor aicídí léi chun ár n-oileáin bhig álainn agus tá na zheimers uafásacha – galar arb é a shainchomhartha ná díchuimhne – ina measc.