Roghnaítear an lá sin ionas go mbíonn muintir na cathrach in ann an lá breithe a cheiliúradh sa dóigh fhíor-Astrálach: thar deireadh seachtaine fada!
Déanta na fírinne, tapaíonn daoine go leor in Canberra an deis an deireadh seachtaine fada a chaitheamh ar chósta theas New South Wales, cúpla uair an chloig soir uainn, le héalú ó bhrú na cathrach agus ó bhrothall an fhómhair.