Smaoinigh ar na táirgí nua a tháinig ar an margadh le 10 - 20 bliain anuas - cén chatagóir ina bhfuil muid ar fad maidir le dlúthdhioscaí, oighinn mhicreathonnacha, teileafóin shoghluaiste, an córas miondiosca don cheol, nó úsáid an idirlín? An botún a dhein
lucht déantúsaíochta na bhfón póca ná go rabhadar ródhóchasach faoi líon na ndaoine a cheannódh fón soghluaiste, nó a chaithfeadh amach fón breá le ceann níos fearr a fháil.