ag déanamh margaíochta
engaged in marketing
Tá Virgin
ag déanamh margaíochta ar fud an domhain - bhí sin de dhíth orainne.
ag déanamh angaidh
rankling, festering
Fanóidh muid anseo go dochloíte
ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais
i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais;
ag canadh amhráin ár gcráiteachta;
ag léirsiú ar shráideacha na hagóide;
ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú
They can survive without you
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
ag déanamh tríligh
twittering
Dúirt Peadar liom: "An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?" D'amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad
ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.
déanamh dá ceal
do without it
Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó
déanamh dá ceal.
ag déanamh tríligh le chéile
twittering away with one another
Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí
ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
ag déanamh léirmheasa
reviewing
"
Fuair Neasa post le Raidió na Gaeltachta ar fhilleadh di - í ag éirí ag a ceathair ar maidin
ag déanamh léirmheasa don stáisiún ar na scéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air
get that off, it looks terrible
Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort,
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air
get that off, it looks terrible
Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort,
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
ag déanamh
thinking
Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí
ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
ag déanamh
thinking
Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí
ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
a ghoradh a dhéanamh leis
warm himself by it
Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus
a ghoradh a dhéanamh leis.
ag déanamh suas
chatting up
Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí
ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi.
ag déanamh athchognadh
reviewing
Ach is
ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí sé agus labhair sé sa deireadh.
a ghoradh a dhéanamh leis
warm himself by it
Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus
a ghoradh a dhéanamh leis.
ag déanamh suas
chatting up
Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí
ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi.
ag déanamh athchognadh
reviewing
Ach is
ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí sé agus labhair sé sa deireadh.
rud a dhéanamh air
to obey his wishes
Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí
rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
ag déanamh an racáin
making a racket
"
Leis sin, tháinig an fear a bhí
ag déanamh an racáin amach as cúl an tseastáin.
idirdhealú a dhéanamh
to differentiate
Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas
idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
ní raibh sé ag déanamh lá difir
it wasn't making any difference
Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár
ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh
that he could have slept soundly
Bhí sé chomh tuirseach sin anois
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
a chead aici a bealach féin a dhéanamh
she could look after herself
Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus
a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile
to take turns
Tá téacs An Nuacht agus Gaeltext Aertel san áireamh san athstruchtúrú sin agus tá beirt fostaithe cheana féin
chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile chun seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.
iniúchadh a dhéanamh
to scrutinize
Aithníonn an tAcadamh go bhfuil athruithe ollmhóra cultúrtha ag tarlú taobh istigh chomh maith le taobh amuigh den tír agus tá sé mar sprioc aige
iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus a dtionchar ar shochaí na hÉireann a mheas.
Níl tarrtháil le déanamh ort
There's no saving/helping you
"
Níl tarrtháil le déanamh ort.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil
Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
an dtig leat neamhiontas a dhéanamh
can you ignore
Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach
an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht?
Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
ag déanamh
manufacturing
Cé gur thosaigh an Banc Ceannais
ag déanamh na mbonn euro ag a ionad in Áit an Ghainimh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 1999, tosaíodh táirgeadh na mbancnótaí i mí an Mheithimh 2000.
ag déanamh ceannródaíochta
leading the way
Tá Ollscoil na Gaillimhe
ag déanamh ceannródaíochta maidir le seo agus is cóir gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd agus d'institiúidí eile tríú leibhéal atá ag forbairt sa treo céanna.
ag déanamh tinnis
bothering
Tuigeann Balor anois nach ollmhéid a tóna a bhí
ag déanamh tinnis do Bhanríon Eilís Shasana nuair a bhí sí ag gearán faoin *annus horibilis* a bhí aici.
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh
I could have laughed my fill
An bhfuil a fhios agat seo,
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.
déanamh amhlaidh
do the same
Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta
déanamh amhlaidh i gcás taispeántas?
Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
bheadh sí ag déanamh go raibh léithi
she'd be thinking she had succeeded
Ach ansin arís má chaith sé moll mór airgid uirthi
bheadh sí ag déanamh go raibh léithi.
ag déanamh
thinking
"Cad é atá ag caitheamh ort?"
"Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo
ag déanamh buartha domh," arsa Tadhg.
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht
to amend this flaw in the constitution
Tá rialtais faoi bhrú ó shin
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
Gan trácht a dhéanamh ar
not to mention
Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta!
Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus *Dublin* ach litir amháin a athrú.
idirdhealú a dhéanamh
to differentiate
An réamhbhlaiseadh eile é seo? An mbeimid in ann
idirdhealú a dhéanamh idir an t-earra ceart agus an t-earra bréige?
Cheannaigh Eithne scairf di féin sa *souk*, margadh na dteicstílí.
lena míle dícheall a dhéanamh
to do their very best
Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh
lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo.
a dhéanamh bailí
to validate
B'éigean dom féin mo bhealach a dhingeadh trí na daoine le mo thicéad
a dhéanamh bailí.
ar mian leis clár a dhéanamh
who wishes to make a programme
Tá sé ar fáil do dhuine ar bith
ar mian leis clár a dhéanamh.
rud inteacht a dhéanamh
to do something
Chinn Rob ar
rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
Fear déanta cíoracha
comb maker
Fear déanta cíoracha cuir i gcás, an teaghlach ag gabháilt den cheird chéanna le 15 glúin anuas.
aithris a dhéanamh
copy
Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh!
Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh
aithris a dhéanamh ar éinne eile.
bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh
he was so out of breath he couldn't even talk
Ach fán am a dtáinig Bríd ar Thomás
bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh.
aon cheo a dhéanamh
to do anything
Ar ndóigh tá daoine ag rá gurb é an deacracht atá ag an rialtas go mbraitheann siad go mór ar na cánacha a bhailíonn siad ar thobac agus go bhfuil leisce orthu
aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfoinse airgid sin.
an chumas chun rogha a dhéanamh
the ability to choose
Ní raibh daoine ábalta glacadh leis an fhíric scanrúil sin gur féidir leis an olcas a bheith mar chuid de nádúr gach duine, gur rugadh muid ar fad leis
an chumas chun rogha a dhéanamh.
ag déanamh aclaíochta
exercising
Lá amháin, i ndiaidh argóna, pholl sí a fear céile, a bhí seachtó bliain d'aois, le scian chistine agus é
ag déanamh aclaíochta ar urlár an tseomra suí.
ag déanamh ár mbarainne ar
giving careful consideration to
Thuig muid féin a chéile, chaon duine againn
ag déanamh ár mbarainne ar an mí-ádh a chorraigh amach as ár nead te teolaí féin muid.
le mo mhachnamh a dhéanamh ar chúpla rud
to reflect on a few things
Ar sise: "Tá mé ag dul go hInis Oírr le cúpla lá a chaitheamh ansin,
le mo mhachnamh a dhéanamh ar chúpla rud.
sin a raibh ionam a dhéanamh
that's all I could manage
"
"Órú cúpla coiscéim damhsa,
sin a raibh ionam a dhéanamh," ar sise léi.
An ag déanamh éada atá tú
Are you jealous?
"
An ag déanamh éada atá tú anois?" arsa Jemma.
do mhachnamh a dhéanamh ar
reflect on
"Is féidir leat bualadh isteach anseo chun
do mhachnamh a dhéanamh ar an Ghorta.
spaisteoireacht a dhéanamh
to take a stroll
Tá an chathair scoilte ina dhá chuid ag an abhainn udaí Aurajoki, agus bíonn sé iontach deas
spaisteoireacht a dhéanamh cois na haibhne sa tsamhradh.
le tagairt a dhéanamh
to refer to
Bhí rud eile ann a fuair mé an-fhurasta, áfach: an dóigh a ndeirtear "tá sé agam" sa Ghaeilge
le tagairt a dhéanamh don úinéireacht, gan aon bhriathar ar leith a chiallódh "to have".
a mharana a dhéanamh ar
to reflect on
Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó
a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
Tá sé ina bhróis déanta
he's a total mess
"A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg?
Tá sé ina bhróis déanta," arsa Siobhán.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid
just decide to stand on the street
Ní féidir le bean
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
teagmháil a dhéanamh leo
make contact with
An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú,
teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
aon bhlas a dhéanamh
do anything
Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas
aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.
ag déanamh iarrachta
making an attempt
Ina dhiaidh sin thosaigh na póilíní
ag déanamh iarrachta a bheith cairdiúil le grúpaí mionlaigh.
ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí
lobbying politicians
Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé
ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí.
corr-rois cainte a dhéanamh
to have the odd short conversation
Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó
corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
go bhfuil agam lena áit a dhéanamh
that I have to take his place
Déarfaidh mé leo go bhfuil agam le dhul ag obair, go bhfuil duine inteacht tinn agus
go bhfuil agam lena áit a dhéanamh.
ag déanamh an mhóir den bheagán
making a mountain out of a molehill
"É
ag déanamh an mhóir den bheagán".
Nílid ag déanamh faic
they're not doing anything
Antaine: Céard faoi na scoileanna sa cheantar - an bhfuil aon rud ar siúl iontu sin?
Éilís:
Nílid ag déanamh faic deireadh seachtaine na hÉigse i mbliana ach táid á dhéanamh an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.
tá líomháintí á ndéanamh
allegations are being made
Ach fós, gach uile sheachtain beagnach,
tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
ag déanamh fonóide
jeering
Is cuimhin liom Dunphy tar éis an bhua sin i Wembley i 1989 ag gearán ar an raidió faoi lucht leanúna Liverpool agus Everton, mar bhí muid
ag déanamh fonóide agus faírí i rith "God Save the Queen" roimh an chluiche.
ag déanamh scriosta orthu
destroying them
Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath
ag déanamh scriosta orthu.
An bhfuil tú ag déanamh?
Do you think so?
"
An bhfuil tú ag déanamh?" arsa Aoife.
ag déanamh a díchill
doing its best
Ach mar sin féin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an iris
ag déanamh a díchill gan an duine a bheadh níos feiliúnaí ná éinne eile a roghnú dá n-onóir: an tUachtarán George W.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh
I could do the same myself
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
déanamh amhlaidh
to do the same
Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann
déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh
I had to take some action
Chuir mé ceist orm féin, 'Cé hiad na strainséirí sa tír seo go stairiúil?' Bhuel, leis an fhírinne a rá, bhí mé go hiomlán ainbhiosach ar na cúrsaí a bhí ag cur isteach ar mo tír dhúchais, agus
ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh.
idirdhealú a dhéanamh
to differentiate
Dúirt George Bernard Shaw uair faoi lucht nuachta nach bhfuil ar a gcumas
idirdhealú a dhéanamh idir taisme rothair agus díothú sibhialtachta.
ag déanamh dóthain
doing enough
Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith
ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
ina chlabhstar déanta
a right stupid person
Ach ní raibh Stiofán
ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige.
déanamh
make
Ach cuireadh na bréaga inár láthair ar bhealach chomh místuama sin an chéad seachtain gur thit an straitéis óna chéile, agus ó shin i leith tá na hIarácaigh ag
déanamh go maith sa gcoimhlint bholscaireachta.
ag déanamh brabúis ón chogadh
profiteering from the war
Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, "
ag déanamh brabúis ón chogadh".
ag déanamh neamhiontais don
ignoring
Nuair a shocraigh muid san Astráil, áfach, agus iad sa bhunscoil, thosaigh siad ag labhairt an Bhéarla agus ó shin i leith tá siad
ag déanamh neamhiontais don Ghaeilge agus don tSeapainis.
ag déanamh ar Thoraigh
heading for Tory
Ansin, nuair a thiocfas lá fada te sa tsamhradh agus sibh
ag déanamh ar Thoraigh le laetha saoire a chaitheamh ann, beidh rud beag réamheolais agaibh faoin oileán agus faoi na daoine breátha atá ina gcónaí ansin.
ní bhíonn tada eile déanta
nothing else is done
Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach
ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach.
ag déanamh brabúis
making a profit
Cén fhad a thógfaidh sé go dtí go mbeidh an comhlacht
ag déanamh brabúis, dar leat?
Tá sé ana-dheacair a rá, ach measaim go ndíolfaidh Gaeltalk.
laethúil a mhacasamhail a dhéanamh
to do the same
Beidh ar *Lá *
laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí
to engage in date mining
Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach
to make out its location on the surface of the earth
Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin,
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
dóthain á dhéanamh
enough being done
Tarraingíonn an plean aird ar thuarascáil choiste de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh le déanaí a deir nach raibh
dóthain á dhéanamh ag an stát seo maidir le cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha mhuintir na hÉireann a chosaint.
ag déanamh a dhíchill
doing his best
Sna laetha atá le theacht, beidh Blair
ag déanamh a dhíchill tuilleadh soiléirithe a fháil ón IRA ach ní dócha go bhfaighidh sé é.
ar tí a ghnaithe a dhéanamh
about to do its business
Leis sin, chuala sí sceamhlach cait agus chonaic sí cat rua na gcomharsan agus é
ar tí a ghnaithe a dhéanamh faoi scáth na gcrann.
ag déanamh ar an teach
making for the house/going towards the house
"A Dhaidí," a scairt sí agus í
ag déanamh ar an teach, "ná hith uilig é sula bhfaighidh mé a fhad leis.
ag déanamh géarstaidéir ar a chéile
closely scrutinizing each other
Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad
ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann.
níl cent rua déanta againn
we haven't earned a cent
Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo
níl cent rua déanta againn.
tá mé ag déanamh
I think
Tá folcadáin fheamainne na hÉireann níos cúthalaí, agus
tá mé ag déanamh go bhfuil siad i bhfad níos saoire fosta!
Tá cuma bhreá gheal ar na "Celtic Seaweed Baths" san Leathros.
céard ba ghá a dhéanamh
what had to be done
Agus é ina sheasamh ar 18ú tí don bhabhta deiridh, chuir sé ceist ar a ghiolla faoin staid ina raibh sé agus
céard ba ghá a dhéanamh.
ag déanamh trua dhó
feeling sorry for him
Bhí daoine tosaithe
ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
beart a dhéanamh de réir a mbriathar
to fit their actions to their words
Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha
beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
Amadáin déanta
right ejits
"
Amadáin déanta," arsa Seán ach ní raibh mórán a thiocfadh leo a dhéanamh faoi anois agus thiontaigh siad ar an obair arís.
nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta
that an attempt isn't being made
Tionscal na n-aistí bia
=======
Tá oiread Meiriceánach i bhfad róthrom, ach ní hionann sin is a rá
nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta meáchan a chailleadh.
le ceiliúradh a dhéanamh
to celebrate
Úsáideann muid bia fosta
le ceiliúradh a dhéanamh ar an ghaol le daoine eile.
ag déanamh a dhíchill
doing his best
Níl mórán scríbhneoirí óga ag teacht chun tosaigh, dar leis, ach tá seisean
ag déanamh a dhíchill, ag iarraidh daoine óga a spreagadh le ceardlanna agus ranganna.