Nach raibh sé i ‘gConradh’ Cameron le bunadh na Sé Chontae “Tuaisceart Éireann a chur ag croí an aontais”? Nárbh é Paterson a thionscain na cainteanna rúnda a raibh sé mar aidhm aige aontas Aontachtach a chothú i dTeach Hadfield? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil UCUNF - más ann dó go fóill - ag déanamh neamhaird ar,
cuir i gcás, lán Pháirc Mhic Easmainn, daoine nach mbeadh ag iarraidh a bheith i gcroí an aontais?
Sin ráite, nárbh é Ted Heath a chuir Stormont ar ceal i 1972? Nárbh í Margaret Thatcher a chuir an Comhaontú Angla-Éireannach i bhfeidhm i 1987? Agus nárbh é Peter Brooke a dúirt nach raibh *“selfish economic or strategic interest”* ag an Bhreatain i dTuaisceart Éireann? Triúir Coimeádach!
An tseachtain seo caite, fógraíodh gur cuireadh cuireadh ar Martin McGuinness labhairt ag bricfeasta ar imeall Chomhdháil na gCoimeádach in Birmingham i mí Dheireadh Fómhair.