Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuirinn ceist ar dhaoine I used to ask people
" Ar feadh tréimhse roimhe sin, nuair a bhí na néalta dorcha le feiceáil ag teacht i mo threo, chuirinn ceist ar dhaoine a bhí ag déanamh obair shealadach cad iad na gníomhaireachtaí fostaíochta is fearr sa chathair.
Chuir an cheist mishuaimhneas air that question made him uneasy
" An bhfeiceann sé an t-aingeal in Osama bin Laden? Chuir an cheist mishuaimhneas air, eagla air go scríobhfainn go raibh sé ag tabhairt tacaíocht mhorálta do bin Laden, fear ar bhuail sé leis trí huaire.
Ní hionann i gcónaí na ceisteanna a chuireann Ní Néill, Ní Néill doesn't always ask the same questions
" Ní hionann i gcónaí na ceisteanna a chuireann Ní Néill, rud a chiallaíonn go mbíonn athrú béime i gceist sna hagallaimh.
cuireadh ceist ar was questioned
" “Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh sé ag iarraidh an sliabh a dhreapadh.
gcuirtear an cheist the question is put
" “Cén tír í seo, a chairde?” Ní hé go gcuirtear an cheist amach díreach ag tús an leabhair ‘Indignez-vous!’ (Bígí feargach!), leabhar a scríobh Stéphane Hessel, duine a sheas le de Gaulle sa Dara Cogadh Domhanda agus arbh é ambasadóir na Fraince é ina dhiaidh sin i Saigon, i gCathair na hAilgéire agus sa Ghinéiv.
chuir an cheist asked me
" An té a chuir an cheist, dúirt sé rud amháin a d’fhan liom, go raibh níos mó foighne agam ná mar a bhí ag aon duine eile i measc imreoirí eile an chlub.
chuirtear an cheist orm I am asked
" Is minic a chuirtear an cheist orm anseo ‘An bhfuil an Ghaeilge deacair a fhoghlaim.
cuireadh ceist air he was quizzed
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra the question is more important than the answer
" Arbh é an grá a choiméad manaigh Tibhirine ann, nó uabhar spioradálta? Mar is fíor i gcónaí, is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra.
an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi the car people mostly ask me about
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
chuir mé an dúrud ceisteanna orthu I quizzed them a lot
" "Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d'inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.
dá gcuirfí ceist orthu if they were asked
" Chuirfeadh comhghleacaithe Hogan béim ar dhíograis a chuid breithiúnas oifigiúil dá gcuirfí ceist orthu a chur chuige dleathach a shainmhíniú.
má chuirtear ceist orm if I’m quizzed
" Cé go bhfuil formhór mór mo shaoil caite agam i mBÁC, agus is breá liom an chathair agus muintir na cathrach, má chuirtear ceist orm deirim i gcónaí gur de bunadh Mhaigh Eo mé.
ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo they’d like this question would be put
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.