Nuair a d'fheictí lena bheart é ba mhinic strainséirí á chur i gcosúlacht le fear glanta simléirí nó le fear na gealaí lena bheartán brosna nó le harrachtach mór cruimhe.
Agus nuair a chuaigh sé amach sa ghairdín gur bhain sé dos cabáiste nó máimín fataí bhí sí ansin freisin, ag cuardach na nuachreafóige i gcoinne péiste nó cruimhe.