B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh
i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta.