Tá an t-óstán ar chrosbhealach gnóthach agus thart fá 100 méadar ar shiúl, tá mórbhealach ar chosa taca a bhíonn plódaithe i dtólamh le gluaisteáin agus le leoraithe ag gearradh suas is anuas.
I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.
Ní gá ach amharc ar chrosbhealach ar bith sa tír chun spléachadh a fháil ar an mheascán mhearaí de chomharthaí bóthair (idir threoracha agus stocaireacht ar thograí príobháideacha) a bhíonn le meas ag an turasóir bhocht.