Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cara cáinteach critical friend
" Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
gháir cháinteach critical chorus
" I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
léirmheas criticiúil critical review
" Mar sin, is seirbhís an-mhaith é an ceann seo a leanas a dhéanann léirmheas criticiúil ar na suímh charthanachta chun féachaint cé chomh hiontaofa is atá siad: www.
aitheantas criticiúil critical recognition
" "Bheadh tacaíocht stáit de dhíth ar ealaíontóirí a bhfuil caighdeán ard sroichte acu, a bhfuil aitheantas criticiúil faighte acu," dar léi.
scagadh critical examination
" Ach níl aon mhaith iontu sin mura bhfuil na gasúir ábalta an t-eolas sin ar fad a úsáid taobh istigh dá n-intinn, mura bhfuil a fhios acu cén chaoi le scagadh a dhéanamh ar an eolas sin agus úsáid a bhaint as leis an sprioc atá agat a bhaint amach.
níos cáintí more critical
" Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin.
cáinteach critical
" Tá sí cáinteach faoin méid atá á scríobh faoi láthair Ghaeilge.
cáinteach critical
" Ní bhíonn an Grifíneach cáinteach, diúltach i gcónaí, áfach.
ní ba cháintí more critical
" In aghaidh an chogaidh ======= Nuair a bhí cuma ar an scéal nach raibh Rialtas na Breataine ag déanamh mórán ar son Ken Bigley, thosaigh na gnáthdhaoine ag éirí ní ba cháintí mar gheall orthu.
cáinteach critical
" Dá mbeadh locht amháin agam féin air, agus ní mian liom a bheith cáinteach, is é seo é: bronntar an iomarca duaiseanna ar imreoirí churaidh na hÉireann gach bliain.
An-cháinteach very critical
" An-cháinteach, mar shampla, faoi easnamh i gclár caipitil an Údaráis ach ag an am chéanna bhí sé ar dhuine de na comhaltaí a mhol go ndíolfaí Tithe Saoire Eanach Mheáin don tríú tairiscint ba mhó, ar chaillteanas €0.
róchriticiúil too critical
" Deirtear uaireanta go bhfuil sé róchriticiúil maidir le rudaí áirithe agus le “Saol na Gaeilge” go ginearálta.
a thuairiscí cáinteacha his critical reports
" Gach oíche Luain, tá Eddie Hobbs ina sheasamh os comhair lucht féachana in Amharclann an Helix i mBaile Munna agus sé chéad míle duine eile ina suí sa bhaile ag breathnú ar a thuairiscí cáinteacha.
cáinteach critical
" Bíonn lucht “tacaíochta” thar a bheith gearánach, cáinteach go minic agus lochtann siad bainisteoir gan an dara smaoineamh.
cáinteacha critical
" Is cosúil go raibh/go bhfuil tuairimí láidre, cáinteacha aige freisin faoi imreoirí eile, faoi bhainisteoirí agus faoi dhaoine éagsúla eile a raibh baint acu leis an spórt a thug slí bheatha dó.
dearcadh criticiúil critical viewpoint
" Ó am go ham, cuirim mé féin ar an imeall, nó taobh amuigh, agus dearcadh criticiúil agam.
cáinteach critical
" " Éiríonn le hIzabela comhrá iomlán a dhéanamh faoi Éirinn gan oiread agus focal amháin cáinteach a rá faoin tír ná faoi mhuintir na tíre.
cáinteach critical
" ”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil an oiread sin brú orthu.
cáinteach critical
" Anois, tá daoine fós ag caint faoi Facebook – ach tá siad cáinteach ina thaobh an iarraidh seo.
cáinteach ina thaobh critical about it
" Anois, tá daoine fós ag caint faoi Facebook – ach tá siad cáinteach ina thaobh an iarraidh seo.
ní raibh sí i ndrochbhail. she wasn't in a bad state, a critical condition
" Cé go raibh a cos gortaithe go dona, ní raibh sí i ndrochbhail.
an-cháinteach very critical
" ” Leoga, bíonn Bishop an-cháinteach mar gheall ar an Eaglais Chaitliceach ina chuid fuirseoireachta.
rócháinteach too critical
" Níl mé ag iarraidh a bheith rócháinteach faoi RTÉ – d’fhéadfaí rudaí a rá ina leith agus ina éadan.
lá cinniúnach decisive, critical day
" Agus é ag fógairt a imeachta os comhair na meán an lá cinniúnach sin, bhí cuma bhíobalta ar an radharc – a dheisceabail dhílse lena thaobh agus an fhuinneog dhaite taobh thiar de.
toirt leorthábhachtach critical mass
" Aisteach go leor, ba leor é an méid sin teaghlach le go mbainfí amach an toirt leorthábhachtach a mbíodh Éamon Ó Cuív ag caint go minic air agus é ina Aire Gaeltachta.
scagadh critical examination
" An Chríonnacht ======= Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall.
an méid saothair chriticiúla the amount of critical works
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
Am cinniúnach a critical time
" Am cinniúnach é seo don Údarás, mar sin, ó tharla go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chúraimí na heagraíochta agus go mbeidh crot iomlán úr ar chomhdhéanamh an bhoird.
súil ghéar a leagan ar to take a critical look at
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
cáinteach critical, fault-finding
" Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
shaothair chritice critical works
" Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
shaothair chritice critical works
" Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.